An Mháthair agus Sgéalta Eile/An Bhean Chaointe

182047An Mháthair agus Sgéalta Eile — An Bhean ChaointePádraig Mac Piarais
[ 67 ]

AN ḂEAN ĊAOINTE.

I.

“A ĊÓILÍN,” arsa m’aṫair liom maidin aṁáin tar éis an ḃricfeasta, agus mé ag cur mo ċuid leaḃar le ċéile le ḃeiṫ ag bogaḋ liom ar sgoil, “a Ċóilín,” ar seisean, “tá gnaiṫe agam díot indiu. Innseoċaiḋ Seaġán do’n ṁáiġistir gur mise a ċoingḃiġ sa mbaile ṫú, nó ’sé an ċaoi béiḋ sé ag ceapaḋ gur’b i ḃfalaċ atá tú, mar ḃís an tseaċtṁain so ġaḃ ṫarainn. Ná déan dearmad anois air, a Ṡeaġáin.”

“Ní ḋéanfad, a aṫair,” arsa Seaġán agus pus air. Ní raiḃ sé ró-ḃuiḋeaċ fá ráḋ is naċ ḋe féin a ḃí gnó ag m’aṫair. Do ḃí an mac so go ríġ-ṡásta, mar ní raiḃ mo ċeaċta aċt go dona agam agus do ġeall an máiġistir griosáil dom an lá roiṁe sin muna mbeidís ar ḃarr mo ġuib agam an ċéad lá eile.

[ 68 ]“’Sér’d ḋéanfas tú, a Ċóilín,” arsa m’aṫair nuair do ḃí Seaġán bailiġṫe leis, “an t-asal agus an cáirín a ṫaḃairt leat go Sgríob agus ualaċ cíbe a ṫarraingt a ḃaile. Tá sí ḋá baint ag Micilín Ṁáire ḋom. Béimid ag tosaiġ ar an gceann nua a ċur ar an teaċ aṫruġaḋ i mbáraċ, le congnaṁ Dé, má ṡeasann an aimsir.”

“Ṫug Micilín an t-asal agus an cárr leis ar maidin,” arsa mise.

“Béiḋ ort é ṫaḃairt fá na bonnaċaiḃ, mar sin, a ṁic ó,” arsa m’aṫair. “Ċoṁ luaṫ is ḃéas ualaċ asail bainte ag Micilín croċ ṫusa a ḃaile leat ar an gcárr é agus réabaḋ Micilín leis go mbíḋ sé duḃ. Tarraingeoċamuid an ċuid eile i mbáraċ.”

Níorḃ’ ḟada go raḃas ag baint ċoiscéime de’n ḃóṫar. Ṫugas mo ċúl ar Ċill Ḃriocáin agus m’aġaiḋ ar an Turlaċ. D’ḟágas an Turlaċ i mo ḋiaiḋ agus do rinneas ar an nGort Mór. Do ṡeasas sgaṫaṁ ag féaċaint ar ḃád ráṁa do ḃí ar ṫuinn Loċ Eileaḃraċ, agus sgaṫaṁ eile ag spallaiḋeaċt le cuid de ḃuaċaillíḃ an Inḃir do ḃí mall ag triall ar sgoil an Ġuirt Ṁóir. D’ḟágas mo ḃeannaċt aca sin ag geata na sgoile, agus rángas Gleann Ċaṫa. Do ṡeasas an tríoṁaḋ huair ag breaṫnuġaḋ ar iolraċ mór do ḃí ’ġá ġrianaḋ féin ar Ċarraig an Ċapaill. [ 69 ]Soir liom annsin go raḃas i nDoire an Ḃainḃ, agus ní raiḃ an uair go leiṫ caiṫte nuair do ġlanas Droiċead na Glaise Duiḃe.

Do ḃí teaċ an t-am sin cúpla céad slat soir ó Ḋroiċead na Glaise Duiḃe, le hais an ḃóṫair ar ṫaoiḃ do láiṁe deise ag tarraing ar an Sgríb ḋuit. Ba ṁinic roiṁe sin do ċonnacas sean-ḃean ina seasaṁ i ndoras an tiġe sin, aċt ní raiḃ aon aiṫne agam uirṫi, ná níor ċuir sí cainnt ná caidéis riaṁ orm. Bean árd ċaol do ḃí innti, a cloigeann ċoṁ geal leis an sneaċta, agus ḋá ṡúil duḃa, mar do ḃeaḋ ḋá aiḃleoig, ar lasaḋ ina ceann. Ba bean í do ċuirfeaḋ sgannraḋ orm dá gcasfaiḋe ḋom i n-áit uaigniġ de ṡiuḃal oiḋċe í. Sgaiṫte do ḃíoḋ sí ag cniotáil nó ag cárdáil agus í ag crónán ós íseal di féin; aċt ’sé an rud is mó do ḃíoḋ sí do ḋéanaṁ nuair do ġaḃainn-se an bealaċ, ina seasaṁ sa doras agus ag breaṫnuġaḋ uaiṫi soir is anoir an bóṫar go díreaċ is dá mbeaḋ sí ag fanṁaint le duine éigin do ḃeaḋ amuiġ uaiṫi agus í ag súil leis a ḃaile.

Do ḃí sí ina seasaṁ ann an ṁaidin sin mar ba ġnáṫaċ léiṫi, a láṁ ar a súiliḃ aici, agus í ag breaṫnuġaḋ uaiṫi soir an bóṫar. Nuair do ċonnaic sí mise ag dul ṫairsti, do sméid sí a ceann orm. Do ċuaḋas anonn ċuici.

[ 70 ]“An ḃfeiceann tú duine ar biṫ ag tiġeaċt anoir an bóṫar?” ar sise.

“Ní ḟeicim,” arsa mise.

“Ċeap mé go ḃfaca mé duine eicínt. Ní féidir go ḃfuil mé ag dul amuġa. Féaċ, naċ ṡin fear óg ag déanaṁ orainn anoir?” ar sise.

“Ḋeaṁan a ḃfeicim-se ḋe,” arsa mise. “Níl duine ar biṫ idir an spota ’na ḃfuilmid agus casaḋ an ḃóṫair.”

“Ḃí mé ag dul amuġa mar sin,” ar sise. “Níl m’aṁarc ċoṁ maiṫ agus a ḃí lá. B’ḟacṫas dom go ḃfaca mé ag tiġeaċt é. Níl a ḟios agam céard tá ’ġá ċoingḃeáil".

“Cia tá amuiġ uait?” adeirim féin.

“Mo ṁac atá amuiġ uaim,” ar sise.

“Ḃfuil sé i ḃfad amuiġ?”

“Ar maidin indiu a d’imṫiġ sé go hUaċtar Árd.”

“Aċt, ar ndóiġ, ní ḟéadfaḋ sé ḃeiṫ annso go fóill,” arsa mise. “Ṡílfeá gur’b ar éigin a ḃeaḋ sé i nUaċtar Árd faoi so, agus a ḋíċeall a ḋéanaṁ, munab ar ṫraen na maidne a d’imṫiġ sé ó’n Teaċ Dóiġte.”

“Céard so tá mé a ráḋ?” ar sise. “Ní indiu a d’imṫiġ sé aċt indé,—nó aṫruġaḋ indé, b’ḟéidir. . . . Tá mé ag cailleaḋ mo ṁeaḃraċ.”

“Má’s ar an traen atá sé ag tiġeaċt,” arsa [ 71 ]mise, “ní ḃéiḋ sé annso go ceann cúpla uair fós.”

“Ar an traen?” ar sise. “Cia an traen?”

“An traen a ḃíos ag an Teaċ Dóiġte ag a dó-ḋéag.”

“Níor ḋuḃairt sé focal i ngeall ar traen,” ar sise. “Ní raiḃ aon traen ag tiġeaċt ċoṁ fada leis an Teaċ Dóiġte indé.”

“Naċ ḃfuil traen ag tiġeaċt go dtí an Teaċ Dóiġte le na bliaḋantaiḃ?” arsa mise, agus iongnaḋ mór orm. Ní ṫug sí aon ḟreagra orm, áṁ. Do ḃí sí ag breaṫnuġaḋ soir an bóṫar arís. Ṫáinig sórt sgannruiġṫe orm roimpi agus do ḃíos ar tí bailiġṫe liom.

“Má ḟeiceann tú ar an mbóṫar é,” ar sise, “abair leis deifir a ḋéanaṁ.”

“Níl aon aiṫne agam air,” arsa mise.

“D’aiṫneoċṫá go réiḋ é. ’Sé an buaċaill is sgafánta ar an bpobal é. Sguraċ óg lúṫṁar, agus é leigṫe déanta. Tá cloigeann bán air mar atá ort-sa, agus súile glasa aige . . . . mar a ḃí ag a aṫair. Báiníní atá sé a ċaiṫeaṁ.”

“Má ḟeicim é,” arsa mise, “innseoċaiḋ mé ḋó go ḃfuil tú ag fanaċt leis.”

“Déan, a ṁaicín,” ar sise.

Leis sin do ḃogas liom soir agus d’ḟágas ina seasaṁ sa doras í.

****** [ 72 ]Do ḃí sí ann i gcoṁnaiḋe agus mé ag dul a ḃaile cúpla uair ina ḋiaiḋ sin agus an t-ualaċ cíbe ar an gcárr agam.

“Níor ṫáinig sé fós?” arsa mise léiṫi.

“Níor ṫáinig, a ṁúirnín. Ní ḟaca tusa é?”

“Ní ḟacas.”

“Ceal naċ ḃfacais? Ní’ mé beo céard d’éiriġ ḋó.”

Ḃí goṫaḋ báistiġe ar an lá.

“Gaḃ isteaċ go mbíḋ an múr ṫart,” ar sise. “Is annaṁ a ḃíos cuideaċta agam.”

D’ḟágas an t-asal agus an cáirín ar an mbóṫar agus do ċuaḋas isteaċ sa teaċ.

“Suiḋ agus ól cupán bainne,” ar sise.

Do ṡuiḋeas ar an mbinnsín sa gclúid, agus ṫug sí deoċ ḃainne agus ruainne aráin dom. Do ḃíos ag breaṫnuġaḋ ṫart timċeall an tiġe an ḟaid is do ḃíos ag iṫe agus ag ól. Do ḃí caṫaoir i n-aice leis an teine agus léine ġeal agus culaiḋ éadaiġ leagṫa uirṫi.

“Tá siad so réiḋ agam len’ aġaiḋ nuair a ṫiocfas sé,” ar sise. “Niġ mé na báiníní indé ṫar éis imṫeaċta ḋó,—ní heaḋ, aṫruġaḋ indé—níl a ḟios agam i gceart cia an lá ar niġ mé iad; aċt ar ċuma ar biṫ béiḋ siad glan tirim roiṁe nuair a ṫiocfas sé . . . Cia hainm ṫú féin?” ar sise go hobann tar éis sgaṫaiṁ di ina tost.

D’innseas ḋi.

[ 73 ]“Muise, mo ġráḋ ṫú!” ar sise “An t-ainm ceanann céadna is a ḃí—a-a-a-atá—ar mo ṁac féin. Cia leis ṫú?”

D’innseas ḋi.

“Agus an ndeir tú liom gur mac le Seaġán Ḟéiċín ṫú?” ar sise. “Ḃí t’aṫair sa teaċ ósta i nUaċtar Árd an oiḋċe údan. . . . Do stop sí go hobann leis sin, agus ṫáinig aṫruġaḋ éigin uirṫi. Do ċuir sí a láṁ ar a cloigeann. Do ċeapfá gur buille do buaileaḋ uirṫi. Do ṡuiḋ sí os coṁair na teine annsin agus d’ḟan sí ar feaḋ sgaṫaiṁ ag féaċaint roimpi isteaċ i gcroiḋe na teine. Ba ġearr gur ṫosnuiġ sí ’gá bogaḋ féin anonn ’s anall os cionn na teine agus ag crónán nó ag caoineaḋ ós íseal. Níor ṫuigeas na focla i gceart, nó dob’ ḟearr liom a ráḋ naċ ar na foclaiḃ do ḃíos ag cuiṁniuġaḋ aċt ar an gceol. Connacṫas dom go raiḃ uaigneas na gcnoc i n-aṁ marḃṫa na hoiḋċe, nó uaigneas na huaiġe nuair naċ gcorruiġeann innti aċt na cnuṁa, san gceol sin. So iad na focla de réir mar do ċualas óm’ aṫair ina ḋiaiḋ sin iad:

“Brón ar an mbás, ’sé ḋuḃ mo ċroiḋe-se,
D’ḟuaduiġ mo ġráḋ is d’ḟág mé claoiḋte,
Gan caraid gan compánaċ fá ḋíon mo ṫiġe-se
Aċt an léan so im’ lár, is mé ag caoineaḋ.

“Ag gaḃail an tsléiḃe ḋom tráṫnóna
Do laḃair an éanlaiṫ liom go brónaċ,
Do laḃair an naosg binn ’s an crotaċ glóraċ
Ag faisnéis dom gur éag mo stóraċ.

[ 74 ]
"Do ġlaoiḋ mé ort is do ġlór ní ċualas,
Do ġlaoiḋ mé arís is freagra ní ḃfuaras,
Do ṗóg mé do ḃéal, is a Ḋia nárḃ’ ḟuar é!—
Oċ, is fuar í do leaba sa gcillín uaigneaċ.

"’S a uaiġ ḟód-ġlas ’na ḃfuil mo leanaḃ,
A uaiġ ċaol ḃeag, ó’s tú a leaba,
Mo ḃeannaċt ort, ’s na mílte beannaċt
Ar na fódaiḃ glasa atá os cionn mo ṗeata.

"Brón ar an mbás, ní féidir a ṡéanaḋ,
Leagann sé úr is críon le ċéile—
’S a ṁaicín ṁánla, is é mo ċéasaḋ
Do ċolainn ċaoṁ ḃeiṫ ag déanaṁ créafóig!

Nuair do ḃí sé sin críoċnuiġṫe aici do lean sí ’gá bogaḋ féin anonn ’s anall agus ag caoineaḋ go híseal. B’uaigneaċ an áit é ḃeiṫ sa teaċ iargcúlta úd agus gan de ċoṁluadar agat aċt an tsean-ḃean aonraic úd ag caoineaḋ go cuṁaċ di féin cois na teine. Ṫáinig faitċíos agus uaigneas orm agus d’éiriġeas im’ ṡeasaṁ.

“Tá sé i n-am agam ḃeiṫ ag dul a ḃaile,” arsa mise. “Tá an tráṫnóna ag glanaḋ.”

“Gaḃ i leiṫ,” ar sise liom.

Do ċuaḋas anonn ċuici. Do leag sí a ḋá láiṁ go mín ar mo ċloigeann agus do ṗóg sí clár m’éadain.

“Ar ċoiṁriġe Dé ḋuit, a ṁaicín,” ar sise. “Go leigiḋ sé anaċain na bliaḋna ṫart agus go méaduiġiḋ sé sóġ agus sonas na bliaḋna agat-sa agus ag do ċoṁluadar.”

Leis sin do leig sí uaiṫi mé. D’ḟágas an teaċ agus do ġreadas liom a ḃaile.

***** [ 75 ]“Cá raiḃ tú nuair a rug an múr báistiġe ort, a Ċóilín?” arsa mo ṁáṫair liom an oiḋċe sin. “Ní ḋearna sé aon ḃríġ.”

“D’ḟan mé ’tiġ na sean-ṁná údan taoḃ ṫoir de Ḋroiċead na Glaise Duiḃe,” arsa mise. “Ḃí sí ag cainnt liom i dtaoiḃ a mic. Tá sé i nUaċtar Árd le cúpla lá, agus níl a ḟios aici ’tuige nár ṫáinig sé a ḃaile roiṁe so.”

D’ḟéaċ m’aṫair anonn ar mo ṁáṫair.

“An Ḃean Ċaointe,” ar seisean.

“Cia hí féin?” adeirim-se.

“An Ḃean Ċaointe,” arsa m’aṫair. “Múirne na gCaoineaḋ.”

“’Tuige ar tugaḋ an t-ainm sin uirṫi?” arsa mise.

“I ngeall ar na caointiḃ ḃíos sí a ḋéanaṁ,” d’ḟreagair m’aṫair. “’Sí an ḃean ċaointe is mó cáil i gConamara ná i nDúṫaiġ Ṡeoiġe í. Cuirtear fios uirṫi i gcoṁnaiḋe nuair a cailltear duine. ’Sí a ċaoin m’aṫair-se, agus tá seans gurab í a ċaoinfeas mé féin. Aċt, go ḃfóiriḋ Dia uirṫi, is iad a mairḃ féin ḃíos sí a ċaoineaḋ i gcoṁnaiḋe, is cuma cia an corp ḃíos sa teaċ.”

“Agus céard tá a mac a ḋéanaṁ i nUaċtar Árd?” arsa mise.

“Cailleaḋ a mac fiċe bliaḋain ó ṡoin, a Ċóilín,” arsa mo ṁáṫair.

[ 76 ]“Níor cailleaḋ ’ċor ar biṫ é,” arsa m’aṫair, agus aġaiḋ an-duḃ air. “MARḂUIGEAḊ é.”

“Cia ṁarḃuiġ é?”

Is annaṁ do ċonnacas m’aṫair agus fearg air, aċt b’uaṫḃásaċ í a ċuid feirge nuair d’éiriġeaḋ sí ḋó. Do ḃain sé geit asam nuair do laḃair sé arís, do ḃí sé ċoṁ borb sin.

“Cia ṁarḃuiġ do ṡean-aṫair féin? Cia ḃain an ḟuil dearg as guailniḃ mo ṡean-ṁáṫar-sa le laisg? Cia ḋéanfaḋ é aċt na Gaill? Mo ṁallaċt ar——”

D’éiriġ mo ṁáṫair agus do ċuir sí a láṁ le n-a ḃéal.

“Ná taḃair do ṁallaċt d’aon duine, a Ṡeaġáin,” ar sise. Do ḃí mo ṁáṫair ċoṁ carṫannaċ sin nár ṁaiṫ léiṫi an droċ-ḟocal do ċaiṫeaṁ leis an diaḃal féin. Creidim go raiḃ truaiġe aici ina croiḋe do Ċáin, agus do Iúdás, agus do Ḋiarmaid na nGall. “Tá sé i n-am againn an Paidrín a ráḋ,” ar sise. “Innseoċaiḋ t’aṫair ḋuit i ngeall ar Ċóilín Ṁúirne oiḋċe eicínt eile.”

“A aṫair,” arsa mise agus sinn ag dul ar ar nglúnaiḃ, “cuireaḋ muid paidir le anam Ċóilín anoċt.”

“Cuirfimid sin, a ṁaicín,” arsa m’aṫair go mín.

[ 77 ]

II

Oiḋċe áirneáin san ngeiṁreaḋ do ḃí ċugainn d’innis m’aṫair sgéal Ṁúirne ḋúinn ó ṫús deireaḋ. Is maiṫ is cuiṁin liom é ina ṡuiḋe i lóċrann na teine, fear leaṫan-ġuailneaċ aċt é beagán crom-ṡlinneánaċ, a ċuid gruaige ag liaṫaċain, ruic i gclár a éadain, féaċain ḃrónaċ ina ṡúiliḃ. Do ḃí sé ag cur caoi ar ṡean-tseol an oiḋċe sin, agus do ḃíós-sa ar mo ġlúnaiḃ le n-a ais i a-ainm ’s a ḃeiṫ ag cuidiuġaḋ leis. Do ḃí mo ṁáṫair agus mo ḋeirḃṡiúraċa ag sníoṁaḋ bréidín. Do ḃí Seaġáinín sínte ar a aġaiḋ ar an urlár agus é i ngreim i leaḃar. Aċt ba ḃeag í a áird ar an leaḃar céadna, mar is é an caiṫeaṁ aimsire do ḃí aige ḃeiṫ ag cur dinglise i mbonnaiḃ mo ċos-sa agus ag baint corr-líomóige as mo ċolpaíḃ; aċt de réir mar do ḃog m’aṫair amaċ sa sgéal do ċaiṫ Seaġáinín uaiḋ a ċuid leibideaċta agus ba ġearr go raiḃ sé ag éisteaċt lem’ aṫair ċoṁ aireaċ le duine. Ba ḋeacair gan éisteaċt lem’ aṫair nuair d’innseaḋ sé sgéal mar sin cois teallaiġ. Ba ḃinn an sgéalaiḋe é. Is minic do ċeapainn go raiḃ ceol ina ġlór; ceol íseal uaigneaċ mar atá i n-andord an orgáin i n-árd-teampall na Tuama.

Tá sé fiċe bliaḋain caiṫte, a Ċóilín (arsa m’aṫair), ó’n oiḋċe a raiḃ mé féin agus Cóilín [ 78 ]Ṁúirne (go ndéanaiḋ Dia grás dó) agus triúr nó ceaṫrar eile de na ċoṁursanaiḃ i dtiġ ósta an Neaċtanaiġ i nUaċtar Árd. Ḃí aonaċ ar an mbaile an lá céadna agus ḃí muid ag ól gloine roiṁ an bóṫar a ḃaile a ṫaḃairt orainn féin. Ḃí ceaṫrar nó cúigear ann ó’n gCeaṫraṁaḋ Ruaḋ agus ó Ḋúṫaiġ Ṡeoiġe agus seisear nó mór-ṡeisear de ṁuinntir an ḃaile ṁóir. Ṫáinig strainséar isteaċ, fear caol duḃ naċ raiḃ aiṫne ag aon duine air. Ġlaoiḋ sé ar ġloine.

“Ar ċuala siḃ, a ḋaoine,” ar seisean linn, agus é ag ól linn, “go ḃfuil an tiġearna le ṫeaċt a ḃaile anoċt?”

“Cia an gnaiṫe atá ag an diaḃal annso?” arsa duine eicínt.

“Droċ-obair atá faoi, mar is gnáṫaċ leis,” ars’ an fear duḃ. “Tá seaċt muiriġin le cur as a seilḃ aige.”

“Cia tá le cur amaċ?” arsa duine againne.

“Sean-Tomás Ó Droiġneáin ó’n nGleann,—deirtear liom go ḃfuil an duine boċt ag faġáil ḃáis, aċt is ar ṫaoiḃ an ḃóṫair ġeoḃfas sé bás mura ḃfuil ag Dia,” ar seisean; “fear de ṁuinntir Ċonaire a ḃfuil boṫán aige an taoḃ so de Loċ Simdile; Mainíneaċ ó Ṡnáṁ Bó; beirt i nEanaċ Ṁeaḋoin; bean eicínt ar ċeann de na hoileáin; agus Antoine Ó Griallġais ó Ċamus Íoċtair.”

[ 79 ]“Tá bean Antoine ag iomċur cloinne,” adeir Cuimín Ó Niaḋ.

“Ní ċosnóċaiḋ sé sin í, an créatúir,” ars’ an fear duḃ. “Ní hí an ċéad ḃean as an dúṫaiġ so a rug a naoiḋeanán cois ċlaiḋe an ḃóṫair.”

Ní raiḃ focal as duine ar biṫ againn.

“Cia an sórt fir atá ionnaiḃ,” ars’ an fear duḃ, “ní an fir atá ionnaiḃ ’ċor ar biṫ? Rugaḋ is tóigeaḋ mise i dtaoiḃ tíre, agus m’ḟocal díḃ naċ leigfeaḋ fir na háite sin d’arm Ṡasan fré ċéile seaċt muiriġin a ċaiṫeaṁ amaċ ar an mbóṫar gan fios aca cia an fáṫ. Ḃfuil faitċíos oraiḃ roiṁ an ḃfear atá ag teaċt annso anoċt?”

“Is furusta cainnt a ḋéanaṁ,” adeir Cuimín, “aċt cia an ċaoi is féidir linne stopaḋ a ċur leis an mbodaċ?”

“É ’ṁarḃuġaḋ anoċt,” ars’ an guṫ taoḃ ṫiar ḋíom. Baineaḋ geit as gaċ duine. Ṫionntuiġ mé féin ṫart. Baḋ é Cóilín Ṁúirne a laḃair. Ḃí a ḋá ṡúil ag lonnraḋ ina ċeann, lasair ina leiceann, agus an cloigeann croċta go hárd aige.

“Fear a laḃair annsin, cibé ainm is sloinneaḋ é,” ars’ an strainséara. Ċuaiḋ sá anonn is rug sé greim láiṁe ar Ċóilín. “Ól gloine liom,” ar seisean.

[ 80 ]D’ól Cóilín an gloine. Níor laḃruiġeaḋ a ṫuilleaḋ.

“Tá sé i n-am againn ḃeiṫ ag giorruġaḋ an ḃóṫair,” arsa Cuimín tar éis sgaṫaiṁ ḃig.

Ḃogamar linn. Ṫugamar bóṫar an ḃaile orainn féin. Ḃí an oiḋċe duḃ. Ní raiḃ fonn cainnte ar ḋuine ar biṫ againn. Nuair ṫáinig muid go dtí ceann na sráide ṡeas Cuimín i lár an ḃóṫair.

“Cá ḃfuil Cóilín Ṁúirne?” ar seisean.

Níor airiġ muid uainn é gur laḃair Cuimín. Ní raiḃ sé sa gcoṁluadar.

Ċuaiḋ mé féin ar ais go dtí an teaċ ósta. Ní raiḃ Cóilín ann. Ċeisniġ mé fear an tsiopa. Duḃairt sé gur ḟág Cóilín agus an fear duḃ an siopa le ċéile cúig nóimeat tar éis imṫeaċt dúinne. Ċuarduiġ mé an baile mór. Ní raiḃ sgéal ná sguan faoi Ċóilín, i n-áit ar biṫ. D’ḟág mé an baile mór agus lean mé na fir eile. Ḃí súil agam go mb’ḟéidir go mbeaḋ sé ar faġáil roṁam. Ní raiḃ, ná a ṫuairisg.

Ḃí sé an-ḟada san oiḋċe nuair a ṡroiċ muid Droiċead na Glaise Duiḃe. Ḃí solus i dtiġ Ṁúirne. Ḃí Múirne féin ina seasaṁ sa doras.

“Dia ḋíḃ, a ḟearaiḃ,” ar sise ag gaḃáil ṫairsti ḋúinn. “Ḃfuil Cóilín liḃ?” [ 81 ]“Níl, muis’,” arsa mise. “D’ḟan sé ’nar hdiaiḋ i nUaċtar Árd.”

“Ar ḋíol sé?” ar sise.

“Ḋíol, go maiṫ,” arsa mise. “’Ċuile ṡeans go ḃfanfaiḋ sé ar an mbaile mór go maidin. Tá an oiḋċe duḃ agus fuar innti féin. Naċ mbeaḋ sé ċoṁ maiṫ agat dul isteaċ agus luiġe síos?”

“Ní fiú ḋom,” ar sise. “Fanfaiḋ mé im’ ṡuiḋe go dtigiḋ sé. Go luaṫaiḋ Dia liḃ.”

D’imṫiġ linn. Ḃí mar ḃeaḋ ualaċ ar mo ċroiḋe. Ḃí faitċíos orm go raiḃ rud eicínt tar éis baint de Ċóilín. Ḃí droċ-aiṁreas agam as an ḃfear duḃ úd . . . Luiġ mé ar mo leabaiḋ tar éis teaċt a ḃaile ḋom, aċt níor ċodail mé.

Maidin lá ar n-a ḃáraċ ḃí mé féin agus do ṁáṫair ag iṫe breicfeasta nuair a baineaḋ an laiste de’n doras, agus isteaċ le Cuimín Ó Niaḋ. Ní raiḃ tarraingt na hanála ann.

“Cia an sgéal atá leat, a ḋuine?” arsa mise.

“Droċ-sgéal,” ar seisean. “Marḃuiġeaḋ an tiġearna aréir. Fríoṫ ar an mbóṫar é míle taoḃ ṫoir d’Uaċtar Árd agus piléar trí n-a ċroiḋe. Ḃí an t-arm i dteaċ Ṁúirne ar maidin ag tóraiḋeaċt Ċóilín, aċt ní raiḃ sé ann. Níor ṫáinig sé a ḃaile fós. Deirtear gurab eisean [ 82 ]a ṁarḃuiġ an tiġearna. Is cuiṁneaċ leat na focla aduḃairt sé aréir?”

Léim mé im’ ṡeasaṁ agus amaċ an doras liom. Amaċ liom an bóṫar agus soir go dtí teaċ Ṁúirne. Ní raiḃ roṁam aċt í féin. Ḃí trosgán an tiġe trí n-a ċéile san áit a raiḃ an t-arm ag cuartuġaḋ. D’éiriġ Múirne ina seasaṁ nuair a ċonnaic sí isteaċ an doras mé.

“A Ṡeaġáin Uí Ċonaire,” ar sise, “ar son Dé na trócaire agus innis dom cá ḃfuil mo ṁac. Ḃí tusa i n-éindiġ leis. ’Tuige naċ ḃfuil sé ag teaċt a ḃaile ċugam?”

“Bíoḋ foiġid agat, a Ṁúirne,” arsa mise. “Tá mé ag dul go hUaċtar Árd ar a ṫóir.”

Ḃuail mé an bóṫar. Ag dul isteaċ ar ṡráid Uaċtair Áird dom, ċonnaic mé an sluaġ mór daoine. Ḃí an droiċead, agus an tsráid os coṁair ṫeaċ an ṗobail, duḃ le daoiniḃ. Ḃí daoine ag déanaṁ ar an spota ó ġaċ uile áird. Aċt, rud a ċuir uaṁan ar mo ċroiḋe, ní raiḃ fuaim as an gcruinniuġaḋ uaṫḃásaċ sin daoine, aċt súile ’ċuile ḋuine aca greamuiġṫe i sgata beag a ḃí i gceart-lár an ċruinniġṫe. Luċt airm a ḃí sa sgata beag sin, cótaí duḃa agus cótaí dearga orṫa, agus gunnaí agus claiḋṁte ina láṁaiḃ; agus i measg na gcótaí duḃ agus na gcótaí dearg ċonnaic mé buaċaill tuaiṫe agus [ 83 ]báiníní air. Cóilín Ṁúirne a ḃí ann agus é gaḃṫa ag an arm. Ḃí éadan an ḃuaċalla ḃoiċt ċoṁ bán le mo léine, aċt ḃí an ceann áluinn croċta go huaiḃreaċ aige, agus níor ceann claḋaire an ceann sin.

Tugaḋ go dtí an ḃearaic é agus an sluaġ sin dá ṫionnlacain. Tugaḋ go Gailliṁ an oiḋċe sin é. Cuireaḋ faoi ṫriail é an ṁí a ḃí ċugainn. Mionnuiġeaḋ go raiḃ sé sa teaċ ósta an oiḋċe úd. Mionnuiġeaḋ go raiḃ an fear duḃ ag cur síos ar na tiġearnaíḃ talṁan. Mionnuiġeaḋ gur ḟuagair sé go mbeaḋ an tiġearna ag teaċt an oiḋċe sin le daoine a ċaiṫeaṁ amaċ as a seilḃ lá ar n-a ḃáraċ. Mionnuiġeaḋ go raiḃ Cóilín Ṁúirne ag éisteaċt go haireaċ leis. Mionnuiġeaḋ gur ḋuḃairt Cóilín na focla úd, “é ’ṁarḃuġaḋ anoċt,” nuair aduḃairt Cuimín Ó Niaḋ “cia an ċaoi is féidir cosg a ċur leis an mbodaċ?” Mionnuiġeaḋ gur ṁol an fear duḃ é as uċt na focla sin a ráḋ, gur ċraiṫ sé láṁ leis, gur ól siad gloine le ċéile. Mionnuiġeaḋ gur ḟan Cóilín sa tsiopa tar éis imṫeaċt do ṁuinntir Ros na gCaoraċ, agus gur ḟág sé féin agus an fear duḃ an siopa le ċéile cúig nóimeat ina ḋiaiḋ sin. Ṫáinig pílear annsin agus ṁionnuiġ sé go ḃfaca sé Cóilín agus an fear duḃ ag fágáil an ḃaile ṁóir agus naċ é [ 84 ]bóṫar Ros na gCaoraċ ṫugadar orṫa féin aċt bóṫar na Gailliṁe. Ar a hoċt a ċlog d’ḟágadar an baile mór. Ag leaṫ-uair tar éis a hoċt caiṫeaḋ urċur leis an tiġearna ar ḃóṫar na Gailliṁe. Ṁionnuiġ pílear eile gur ċuala sé torann an urċuir. Ṁionnuiġ sé gur riṫ sé go dtí an áit agus ag druidim leis an áit dó go ḃfaca sé beirt ḟear ag baint as ’sna fásgaíḃ. Duine caol a b’eaḋ duine aca agus é gléasta mar ḃeaḋ duine uasal. Buaċaill tuaiṫe a ḃí sa ḃfear eile.

“Cia an sórt éadaċ a ḃí an buaċaill tuaiṫe a ċaiṫeaṁ?” ars’ an dliġeadóir.

“Culaiḋ báiníní,” adeir an pílear.

“Arb’ ṡin é an fear a ċonnaic tú?” ars’ an dliġeadóir, ag síneaḋ a ṁéir ċuig Cóilín.

“Déarfainn gurab é.”

“An mionnuiġeann tú gurab é?”

Níor laḃair an pílear ar feaḋ sgaṫaiṁ.

“An mionnuiġeann tú gurab é?” ars’ an dliġeadóir arís.

“Mionnuiġim,” ars’ an pílear. Ba ḃáine éadan an ṗíleir an nóimeat sin ’ná éadan Ċóilín féin.

Ṁionnuiġ cuid againne annsin nár ċaiṫ Cóilín urċur as gunna riaṁ; go mbaḋ buaċaill macánta mánla é naċ ngortócaḋ cuileog dá [ 85 ]mbeaḋ neart aige air. Ṁionnuiġ an sagart pobail go raiḃ aiṫne aige ar Ċóilín ó’n lá ḃaist sé é, gurḃ’ é a ḃaraṁail naċ ndearna sé peacáḋ riaṁ, agus naċ gcreidfeaḋ sé ó ḋuine ar biṫ go marḃóċaḋ sé fear. Ní raiḃ maiṫ ḋúinn ann. Ní raiḃ aon ḃríġ in ar ḃfiaḋnaise i n-aġaiḋ fiaḋnaise na bpílear. Tugaḋ breiṫ an ḃáis ar Ċóilín.

Ḃí a ṁáṫair sa láṫair ar feaḋ na haimsire ar fad. Níor laḃair sé focal ó ṫús deireaḋ, aċt a ḋá súil greamuiġṫe i ndá ṡúil a mic agus a ḋá láiṁ fáisgṫe le ċéile faoi n-a seál.

“Ní croċfar é,” arsa Múirne an oiḋċe sin. “Ġeall Mac Dé ḋom naċ gcroċfar é.”

Cúpla lá ina ḋiaiḋ sin ċualamar naċ gcroċfaiḋe Cóilín, gurab aṁlaiḋ do maiṫeaḋ a anam ḋó i ngeall ar a ḃeiṫ ċoṁ óg is do ḃí, aċt go gcoingḃeoċaiḋe sa bpríosún é ar feaḋ a ṡaoġail.

“Ní coingḃeoċar,” arsa Múirne. “A Íosa,” adeireaḋ sí, “ná leig dóiḃ mo ṁaicín a ċoingḃeáil uaim.”

Is miorḃailteaċ an ḟoiġid a ḃí ag an mnaoi sin agus an ṁuinġin a ḃí aici as Mac Dé. Is miorḃailteaċ an creideaṁ agus an dóċas agus an ḟoiġid ḃíos ag na mnáiḃ.

Ċuaiḋ sí go dtí an sagart pobail. Duḃairt sí leis, dá sgríoḃfaḋ sé go dtí muinntir Ḃaile [ 86 ]Áṫa Cliaṫ ag iarraiḋ orṫa Cóilín a leigean amaċ ċuici, gur cinnte go leigfiḋe amaċ é.

“Ní eiteoċaiḋ siad ṫusa, a Aṫair,” ar sise.

Duḃairt an sagart naċ mbeaḋ maiṫeas ar biṫ i sgríoḃaḋ, naċ dtiuḃrfaiḋe aon áird ar a litir; aċt go raċaḋ sé féin go Baile Áṫa Cliaṫ agus go laḃróċaḋ sé leis na daoiniḃ móra agus go mb’ḟéidir go dtiocfaḋ maiṫeas eicínt as. Ċuaiḋ. Ḃí Múirne lán-ċinnte go mbeaḋ a mac a ḃaile ċuici faoi ċeann seaċtṁaine nó ḋó. Ḋeasuiġ sí an teaċ roiṁe. Ċuir sí aol air í féin, istiġ is amuiġ. Ċuir sí beirt ċoṁursan ag cur dín nua air. Ṡníoṁ sí áḋḃar culaiḋ nua éadaiġ ḋó, ḋaṫuiġ sí an olann le n-a láṁaiḃ féin, ṫug sí go dtí an fiġeadóir í, agus rinne sí an ċulaiḋ nuair ṫáinig an bréidín a ḃaile.

B’ḟada linn gan an sagart ar faġáil. Sgríoḃ sé cúpla boḃta ċuig an máiġistir, aċt ní raiḃ aon ḃarr nuaiḋeaċta ins na litreaċaiḃ. Ḃí sé ag déanaṁ a ḋíċill, aduḃairt sé, aċt ní raiḃ ag éirġe leis go maiṫ. Ḃí sé ag dul ó ḋuine go duine aċt ní mórán sásaiṁ a ḃí aon duine a ṫaḃairt dó. Ba léir as litreaċaiḃ an tsagairt naċ raiḃ aon dóċas aige go ḃféadfaḋ sé aon ċeo a ḋéanaṁ. Níor ḟan aon dóċas ionnainne aċt an oiread. Aċt níor ċaill Múirne an ṁuinġin iongantaċ a ḃí aici as Dia.

[ 87 ]“Tiuḃraiḋ an sagart mo ṁaicín a ḃaile leis,” adeireaḋ sí.

Ní raiḃ tada ag déanaṁ imniḋe ḋi aċt faitċíos naċ mbeaḋ an ċulaiḋ nua réiḋ aici roiṁ ṫeaċt Ċóilín. Aċt ḃí sí críoċnuiġṫe sa deireaḋ, gaċ níḋ réiḋ aici, caoi ar an teaċ agus an ċulaiḋ nua leagṫa ar ċaṫaoir os coṁair na teine, agus gan an sagart ar faġáil.

“Naċ ar Ċóilín ḃéas an t-áṫas nuair ḟeicfeas sé an slaċt atá ar an teaċ agam,” adeireaḋ sí. “Naċ é ḃreaṫnóċas go galánta ag dul an bóṫar ag Aifreann Dia Doṁnaiġ agus an ċulaiḋ sin air!”

Is cuiṁneaċ liom go maiṫ an tráṫnóna ṫáinig an sagart. Ḃí Múirne ag fanaċt leis ó ṁaidin, an teaċ glan aici, agus an bord leagṫa.

“’Sé do ḃeaṫa a ḃaile,” aduḃairt sí, ag teaċt isteaċ do’n tsagart. Ḃí sí ag faire ar an doras mar ḃeaḋ sí ag braiṫ ar ḋuine eicínt eile a ṫeaċt isteaċ. Aċt ḋruid an sagart an doras ina ḋiaiḋ.

“Ċeap mé gur leat féin a ṫiocfaḋ sé, a Aṫair,” arsa Múirne. “Aċt, ’sé an ċaoi nár ṁaiṫ leis teaċt ar ċárr an tsagairt, ar ndóiġ. Ḃí sé cúṫail mar sin i gcoṁnaiḋe, an créatúir.”

“A Ṁuirne ḃoċt,” adeir an sagart, ag breiṫ ar ḋá láiṁ uirṫi,“ní caḃair ḋom an ḟírinne a [ 88 ]ċeilt ort. Níl sé ag teaċt ’ċor ar biṫ. Níor éiriġ liom tada a ḋéanaṁ. Ní éistfeaḋ siad liom.”

Ní duḃairt Múirne focal. Ċuaiḋ sí anonn agus ṡuiḋ síos ar aġaiḋ na teine. Lean an sagart anonn í agus leag a láṁ ar a gualainn.

“A Ṁúirne,” adeir sé, mar sin.

“Leig dom féin, a Aṫair, go fóillín,” ar sise. “Go gcúitiġiḋ Dia agus a Ṁáṫair leat a ndearna tú ḋom. Aċt leig dom féin go fóill. Ċeap mé go dtiuḃrṫá a ḃaile ċugam é, agus is mór an buille orm gan a ṫeaċt.”

D’ḟág an sagart léiṫi féin í. Ċeap sé nár ċaḃair a ḃeiṫ léiṫi go mbeaḋ pian an ḃuille sin maoluiġṫe.

An lá ar n-a ḃáraċ ḃí Múirne ar iarraiḋ. Tásg ná tuairisg ní raiḃ ag éinne uirṫi. Focal ná fáirnéis níor ċualamar fúiṫi go ceann ráiṫe. Ċeap cuid againn go mb’ḟéidir gurab as a céill a ċuaiḋ an créatúir agus bás uaigneaċ a ṫeaċt uirṫi i log sléiḃe eicínt nó a báṫaḋ i bpoll móna. Ċuartuiġ na coṁursain na cnuic mágcuairt, aċt ní raiḃ a rian le feiceál.

Tráṫnóna áiṫrid ḃí mé féin ag baint ḟataí san ngarrḋa nuair a ċonnaic mé an ḃean aonraic ag déanaṁ orm isteaċ an bóṫar. Bean árd ċaol. An cloigeann croċta go maiṫ aici. Siuḃal mór [ 89 ]fuiṫi. “Má tá Múirne Ní Ḟiannaċta beo,” adeirim-se liom féin, “is í atá ann.” Baḋ í, ’d eile. Síos liom go bóṫar.

“’Sé do beaṫa a ḃaile, a Ṁúirne,” adeirim léiṫi. “Ḃfuil aon sgéal leat?”

“Tá, a ṁainín,” ar sise, “sgéal maiṫ. Ċuaiḋ mé go Gailliṁ. Ċonnaic mé Goḃarnor an ṗríosúin. Duḃairt sé liom naċ ḃféadfaḋ sé aon ḃlas a ḋéanaṁ, gurab iad muinntir Ḃaile Áṫa Cliaṫ d’ḟéadfaḋ a leigean amaċ as an bpríosún má ḃí a leigean amaċ le faġáil. D’imṫiġ mé orm go Baile Áṫa Cliaṫ. A Ṫiġearna! naċ iomḋa bóṫar cruaiḋ cloċaċ a ṡiuḃail mé, is naċ iomḋa baile mór breaġ a ċonnaic mé sul ar ṫáinig mé go Baile Áṫa Cliaṫ. “Naċ mór an tír í Éire,” adeirinn liom féin ’ċuile ṫráṫnóna nuair a hinnsiġtí ḋom go raiḃ an oireaḋ so de ṁíltiḃ le siuḃal agam sul a ḃfeicfinn Baile Áṫa Cliaṫ. Aċt, buiḋeaċas mór le Dia agus leis an Maiġdin Ġlórṁair, ṡiuḃail mé isteaċ ar ṡráid Ḃaile Áṫa Cliaṫ sa deireaḋ tráṫnóna fuar fliuċ. Fuair mé lóistín. Maidin lá ar n-a ḃáraċ ċuir mé tuairisg an Ċaisleáin. Cuireaḋ ar an eolas mé. Ċuaiḋ mé ann. Ní leigfiḋe isteaċ mé i dtosaċ, aċt ḃí mé leo go ḃfuair mé cead cainnte le fear eicínt. Ċuir seisean go fear eile mé, fear a [ 90 ]ḃí ní b’aoirde ’ná é féin. Ċuir seisean go fear eile mé. Duḃairt mé leo uilig gur ṫeastuiġ uaim Lord Leiftenant na Bainríoġna a ḟeiceál. Ċonnaic mé sa deireaḋ é. D’innis mé mo sgéal dó. Duḃairt sé liom naċ ḃféadfaḋ sé aon ċeo a ḋéanaṁ. Ṫug mé mo ṁallaċt do Ċaisleán Ḃaile Áṫa Cliaṫ agus amaċ an doras liom. Ḃí punnta i mo ṗóca agam. Ċuaiḋ mé ar ḃord luinge agus maidin lá ar n-a ḃáraċ ḃí mé i Liḃerpúl Ṡasan. Ṡiuḃail mé bóiṫre fada Ṡasan ó Liḃerpúl go Lonndain. Nuair a ṫáinig mé go Lonndain d’iarr mé eolas Caisleáin na Bainríoġna. Cuireaḋ ar an eolas mé. Ċuaiḋ mé ann. Ní leigfiḋe isteaċ mé. Ċuaiḋ mé ann ’ċuile lá ag súil go ḃfeicfinn an Ḃainríoġan ag teaċt amaċ. Ṫar éis seaċtṁaine ċonnaic mé ag teaċt amaċ í. Ḃí saiġdiúirí agus daoine móra ṫart timċeall uirṫi. Ċuaiḋ mé anonn go dtí an Ḃainríoġain roiṁ ḋul isteaċ sa gcóiste ḋi. Ḃí páipéar a sgríoḃ fear i mBaile Áṫa Cliaṫ ḋom i mo láiṁ. Rug oifigeaċ orm. Laḃair an Ḃainríoġain leis agus leig sé uaiḋ mé. Laḃair mé leis an mBainríoġain. Níor ṫuig sí mé. Ṡín mé an páipéar ċuici. Ṫug sé an páipéar do’n oifigeaċ agus léiġ sé í. Sgríoḃ sé focla eicínt ar an bpáipéar agus ṫug sé ar ais dom é. Laḃair an Ḃainríoġain le mnaoi eile a ḃí i [ 91 ]n-éinḟeaċt léiṫi. Ṫarraing an ḃean píosa coróineaċ amaċ agus ṫug dom é. Ṫug mé an píosa coróineaċ ar ais di, agus duḃairt mé naċ airgead a ḃí uaim aċt mo ṁac. Rinne siad gáire. ’Sé mo ḃaraṁail nár ṫuig siad mé. Ṫaisbeán mé an páipéar dóiḃ arís. Leag an t-oifigeaċ a ṁéar ar na focla a ḃí sé ṫar éis sgríoḃṫa. D’uṁluiġ mé do’n Ḃainríoġain agus d’imṫiġ liom. Léiġ fear dom na focla a sgríoḃ an t-oifigeaċ. ’Sér’d a ḃí ann go sgríoḃfaiḋe ċugam i dtaoiḃ Ċóilín gan ṁoill. Ḃuail mé an bóṫar a ḃaile annsin agsúil go mb’ḟéidir go, mbeaḋ litir roṁam. Meas tú, a Ṡeaġáin,” arsa Múirne ag críoċnuġaḋ a sgéil di, “an ḃfuil aon litir ag an sagart? Ní raiḃ litir ar biṫ sa teaċ roṁam ag teaċt amaċ an bóṫar ḋom aċt tá mé ’ceapaḋ gur ċuig an sagart a cuirfiḋe an litir, mar tá seans go mbeaḋ a eolas ag na daoiniḃ móra.”

“Níl a ḟios agam ar ṫáinig aon litir,” arsa mise. “Déarfainn nár ṫáinig, mar dá dtiocfaḋ ḃeaḋ an sagart ḋá innseaċt dúinn.”

“Béiḋ sí annso lá ar biṫ feasta,” arsa Múirne. “Gaḃfaiḋ mé isteaċ ċuig an sagart ar ċuma ar biṫ, agus innseoċaiḋ mé mo sgéal dó.

Isteaċ an bóṫar léiṫi agus suas an t-árd go dtí teaċ an tsagairt. Ċonnaic mé ag dul a [ 92 ]ḃaile arís an oiḋċe sin í agus an dorċadas ag tuitim. Is iongantaċ mar ḃí sí ’gá ṫaḃairt do na bonnaċaiḃ agus ar ḟuiling sí d’anró is de ċruaḋtain le ráiṫe.

D’imṫiġ seaċtṁain. Níor ṫáinig aon litir. D’imṫiġ seaċtṁain eile. Níor ṫáinig aon litir. D’imṫiġ an tríoṁaḋ seaċtṁain. Níor ṫáinig aon litir. Ḃainfeaḋ sé deora as na cloċaiḃ glasa ḃeiṫ ag féaċaint ar Ṁúirne agus an imniḋe a ḃí uirṫi. Ḃrisfeaḋ sé do ċroiḋe a feiceál ag dul isteaċ an bóṫar ċuig an sagart gaċ uile ṁaidin. Ḃí faitċíos orainn laḃairt léiṫi i dtaoiḃ Ċóilín. Ḃí droċ-aiṁreas orainn. Ḃí droċ-aiṁreas ar an sagart. Duḃairt sé linn lá gar ċuala sé ó ṡagart eile i nGailliṁ naċ mó ’ná go maiṫ a ḃí Cóilín, gur mór a ḃí an priosún ag goilleaṁaint ar a ṡláinte, go raiḃ sé ag imṫeaċt as i ndiaiḋ a ċéile. Níor innsiġeaḋ an sgéal sin do Múirne.

Lá aṁáin ḃí gnaiṫe agam féin de’n tsagart, agus ċuaiḋ mé isteaċ ċuige. Ḃíomar ag coṁráḋ sa bpárlús nuair a ċualamar coicéim duine ar an tsráid taoḃ amuiġ. Níor buaileaḋ ar ḋoras an tiġe ná ar ḋoras an ṗárlúis, aċt isteaċ sa tseomra le Múirne Ní Ḟiannaċta agus litir ina láiṁ aici. Is ar éigin d’ḟan cainnt aici.

“Litir ó’n mBainríoġain, litir ó’n mBainríoġain!” ar sise.

[ 93 ]Rug an sagart ar an litir. D’osgail sé í. Ṫug mé faoi deara go raiḃ a láṁ ar criṫ agus é dá hosgailt. Ṫáinig daṫ an ḃáis ina éadan tar éis a léiġeaḋ ḋó. Ḃí Múirne ina seasaṁ os a ċoṁair amaċ, a ḋá súil ar lasaḋ ina ceann, a béal leaṫ ar osgailt.

“Céard deir sí, a Aṫair?” ar sise. “Ḃfuil sí ’ġá ċur a ḃaile ċugam?”

“Ní ó’n, mBainríoġain a ṫáinig an litir so, a Ṁúirne, ars’ an sagart, ag laḃairt go mall, mar ḃeaḋ toċt eicínt air, “aċt ó Ġoḃarnor an ṗríosúin i mBaile Áṫa Cliaṫ.”

“Agus céard deir sé? Ḃfuil sé ’ġá ċur a ḃaile ċugam?”

Níor laḃair an sagart go ceann nóiméid. B’ḟacṫas dom go raiḃ sé ag iarraiḋ cuiṁniuġaḋ ar ḟoclaiḃ eicínt, agus na focla, mar adéarfá ag dul uaiḋ.

“A Ṁúirne,” ar seisean sa deireaḋ, “deir sé go ḃfuair Cóilín boċt bás indé.”

Ar ċloisteál na ḃfocal sin di, ṗléasg Múirne ag gáiriḋe. A leiṫéid de ġáiriḋe ní ċuala mé riaṁ. Ḃí an gáiriḋe sin ag seinnm i mo ċluasaiḃ go ceann míosa ina ḋiaiḋ sin. Rinne sí cúpla sgairt uaṫḃásaċ gáiriḋe agus annsin ṫuit sí i lagar ar an urlár.

Tugaḋ a ḃaile í agus ḃí sí ar a leabaiḋ go [ 94 ]ceann leaṫ-ḃliaḋna. Ḃí sí as a meaḃair ar feaḋ na haimsire sin. Ṫáinig sí ċuici féin i ndiaiḋ a ċéile, agus ní ċeapfaḋ duine ar biṫ go raiḃ aon ċeo uirṫi anois aċt aṁáin go síleann sí go ḃfuil a mac gan filleaḋ a ḃaile fós ó aonaċ Uaċtair Áird. Bíonn sí ag fanaċt leis i gcoṁnaiḋe, ina seasaṁ nó ina suiḋe sa doras leaṫ an lae, agus ’ċuile níḋ réiḋ aici roiṁ a ṫeaċt a ḃaile. Ní ṫuigeann sí go ḃfuil aon aṫruġaḋ ar an saoġal ó’n oiḋċe sin. Sin é an fáṫ, a Ċóilín, arsa m’aṫair liom, “naċ raiḃ a ḟios aici go raiḃ an bóṫar iarainn ag teaċt ċoṁ fada leis an Teaċ Dóiġte. Amannta cuiṁniġeann sí uirṫi féin agus tosuiġeann uirṫi ag caoineaḋ mar ċonnaic tusa í. ’Sí féin a rinne an caoineaḋ údan a ċuala tú uaiṫi. Go ḃfóiriḋ Dia uirṫi, arsa m’aṫair ag cur deiriḋ le n-a sgéal.

“Agus, a ḋeaide,” arsa mise, “ar ṫáinig aon litir ó’n mBainríoġain ina ḋiaiḋ sin?”

“Níor ṫáinig, ná a daṫ.”

“Meas tú, a ḋeaide, an é Cóilín a ṁarḃuiġ an tiġearna?”

“Tá a ḟios agam naċ é,” adeir m’aṫair. “Dá mbaḋ é, d’aṁdóċaḋ sé é. Tá mé ċoṁ cinnte is atá mé beo anoċt gurab é an fear duḃ a ṁarḃuiġ an tiġearna. Ní abraim naċ raiḃ Cóilín boċt sa láṫair.”

[ 95 ]“An rugaḋ riaṁ ar an ḃfear duḃ?” arsa mo ḋeirḃṡiúr.

“Ní rugaḋ, muis’,” arsa m’aṫair. “Is beag an baoġal a ḃí air.”

“Cia’rḃ é an fear duḃ, meas tú, a ḋeaide?” arsa mise.

“Creidim i láṫair Dé,” arsa m’aṫair, “gur pílear ó Ċaisleán Ḃaile Áṫa Cliaṫ a ḃí ann. Ċonnaic Cuimín Ó Niaḋ fear an-ċosṁail leis ag taḃairt fiaḋnaise i n-aġaiḋ buaċalla eile i dTuaim bliaḋain ina ḋiaiḋ sin.”

“A ḋeaide,” arsa Seaġáinín go hobann, “nuair ḃéas mise im’ ḟear, marḃóċaiḋ mé an fear duḃ sin.”

“Sáḃálaiḋ Dia sinn!” adeir mo ṁáṫair.

Leag m’aṫair a láṁ ar ċloigeann Ṡeaġáinín.

“B’ḟéidir, a ṁaicín,” ar seisean,“go mbeaḋ muid uilig ag baint teaillí-hó as an arm duḃ sul raċas cré orainn!”

“Tá sé i n-am Paidrín,” adeir mo ṁáṫair.

(A ĊRÍOĊ-SAN)