119923Leabhar na Polainne — LEABHAR NA nOILITHREACH bPOLANNACHAdam Mickiewicz
[ 37 ]

LEABHAR NA nOILITHREACH bPOLANNACH

1. Anam an náisiúin Pholannaig, isiad na hOilithrig Pholannacha an t-anam san.

2. Aguis gach Polannach ar oilitihreacht, ní fánuidhe é, óir is duine ar seachran agus duine gan aidhm gach fánuidhe.

3. Ná ní díbearthadh é, óir is duine an díbearthach a díbreach le hórdú giúistís; ach an Polannach, níor dhíbir a ghiúistís féin riamh é.

4. Agus fós is duine gan ainm an Polannach ar oilithreacht, ach tabharfar ainm air san am atá chugainn, dálta lucht Chríost d’admháil, nár tugadh a n-ainm orra go ceann tamall aimsire.

5. Ach idir dhá linn tugtar oilithreach mar ainm ar an bPolannach, mar gur thug sé a mhóid dul ag triall ar an dTír Bheannuithe, ar an saor-athardha: thug sé an leabhar gan stad da shiúltaibh choíche go mbainfadh sé amach í.

6. Ach ní dia, dáltha Chríost, an náisiún Polannach: fágan san gur feidir d’anam na Polainne bheith ar fán i Limbó agus moill do dhéanamh gan filleadh ar an gcorp, gan éirghe ó mharbhaíbh.

7. Léimís arís mar sin Soiscéal Chríost;

8. Agus na ceachta agus na soluídí seo do chruinnig oilithreaioh Críostuidhe ó bhéalaibh daoine agus ó scríbhinníbh Polannach gCríostuidhe, idir mhartair

agus oilithrig. [ 38 ]


I.

1. Bhí árthaighe móora cogaidh agus aon bhád beag amháin iascaireachta amuich ar an bhfaraige tráth agus aimsear gharbh an fhomhair ann; ina lithéid sin d’aimsir dá mhéid í an t-árthach isea is sábhálta dhi agus da luighead í an t-árthach isea is mó is baol di.

2. Mar sin de, na daoine bhí ar an dtráig bhíodar ghá rádh: aoibhinn don mhuintir a chuaidh ar bórd na n-árthach mór! Mairg dóibh siúd, ámh, atá i mbád na n-iascairí ina lithéid d’aimsir.

3. Ach na daoine bhí ar an dtráig ní fheacadar in aon chor go raibh lucht na n-árthach mór ar meisce agus go raibh stailc curtha suas acu, agus, na húirlisí lena mbreathnuigheadh an píolóid ar na réaltaibh, go rabhdar briste acu, agus go raibh snáthad an chompáis millte acu. Agus da bhrí sin dféach na harthaighe móra dhóibh bheith chó láidir agus bhíodar riamh.

4. Ach ó thárla nár bhéidir na réalta ar an sipéir d’aithint ó chéile agus toisc snáthad an chompáis a bheith ar iarraidh, do chuaidh na hárthaighe móra amú agus do sloigeadh fen bhfaraige iad.

5. Agus bád na n-iascairí, a bhi dhá stiúrú do réir na spéire agus na snáthide, ni dheaghaidh sí amú in aon chor; agus do shrois si an tráig; agus cé gur briseadh ansan i tháinig a fuireann slán agus do rugadar leo a n-úirlisí agus a snáthad. Agus do dheisighdar a mbád arís.

6. Agus do tuigeadh, cé gur mhaith iad taibhse agus neart na n-árthach mór, gur neamhní taibhse agus neart gan réalt gan compás.

7. Réalt eolais na n-oilithreach, ámh, isé an [ 39 ]credeamh é; agus a snáthad eolais, isé a ngrádh don athardha é.

8. Soillsighean an réalt don uile dhuine agus bion an tsnáthad ó thuaidh i gcomhnuí. Agus dá bhrí sin is féidir don bhád seoladh soir nó seoladh siar agus an tsnáthad san aici, ach in éamuis na snáthaide sin ragha sí amú ar faraigíbh an taoibh thuaidh féin agus brisfar í.

9. Mar sin tiocfidh bád na nOilithreach i gcuan agus i gcaladh-phort agus credeamh agus grádh dá stiúrú; ach in éamuis an chredimh agus na carthanachta, na puibleacha atá comhachtach agus tugtha don choga, raghaid siad amú agus brúfar iad. Agus an méid díobh a bhéarfidh a n-anam leo ní chuirfid siad an t-árthach i dtreo arís.

II.

1. Cad fá gur don náisiún so agaibhse tugadh oighreacht na saoirse atá le teacht ar an ndomhan?

2. An té go mbíon mórán daoine muinteartha aige, is eol daoibh nách ag an té is treise orra fhágann sé a oighreacht ná fós ag an té is dícheallaighe ná ag an té is mó eolais ar bhiathaibh deigh-bhiasta agus ar fhíontaibh sainiúla,

3. Ach ag an té is mó grádh dhó agus fhanan aige nuair a bhion an chuid eile ag rith i ndiaig airgid agus aoibhneasa agus sógha.

4. Agus sin é cúis ’nar fágadh oighreacht na saoirse ag bhur náisiún-sa.

5. Cad fá mar sin gur don náisiún so agaibhse a tugadh go bhféadfadh sí éirghe ó mharbhaíbh?

6. Ni mar gheall ar bhur náisiún a bheith [ 40 ]comhachtach é mar bhí na Rómhánaig comhachtach agus táid siad marbh agus ní eireoid siad arís.

7. Ní mar gheall ar bhúr républic a bheith ársa agus mórchlúil é mar bhí Bhenis agus Genóa níb ársa agris níb aoirde clú, agus do hísligheadh iad agus níl i ndán dóibh aiséirghe.

8. Ní mar gheall ar eagna agnis ar fhoghluim bhur náisiúin é, óir, an Ghréag, máthir na bhfeallsamh, d’éag sí agus dfan sí ina luighe sa tuama go raibh a léann go léir dearmhadtha aici agus nuair a dhein náisiún simplí arís di, siúd ag tosnú ar bheith ag corruighe arís í.

9. Agus bhí foghluim agus eagna, leis, ag ríocht na hIarpháile agus ag ríocht na hIodáile agus ag ríocht na Tíre-fó-thuinn, a chonacúir féin ag teacht ar an saol agus ag dul chun báis agus ná heireoidh arís.

10. Ach sibhse, tógfar as an dtuama sibh, óir mairean creideamih agus grádh in bhur gcroidhe agus táthaoi lán de dhóchas.

11. Is eol daoibh gurbh é Lasarus an chéad mharbh a tharaing Críost as an dtuama.

12. Ní rí féinne ná saoi ná ceannuidhe a tharaing Críost as an dtuama, ach Lasarus.

13. Agus deir an Scríbhinn Diadha go raibh grádh ag Críost dó agus gurb é an t-éinne amháin ar ar ghuil Críost é. Agus cé, mar sin, atá ina Lasarus imeasc na náisiún fé láthair?

III.

1. A oilithrig Pholannaig, do bhís saibhir tráth, agus seo ag fulang dealbhais agus anróidh anois tú, ionnus go mbeadh ’s agat cad a bhaineann le dealbhas agus le hanródh, agus tareis filleadh chun do thíre [ 41 ]dhuit go n-abrófá: Lucht dealbhais íigus lucht anróidh is comhoighrí liom.

2. A oilithrig, ba leatsa dlithe dhéanamh agus bhí ceart agat chun na coróinne, agus féach go bfhuilir anois ar thalamh an stróinséir gan dlí agat, ionnus gurbh eol duit cadé an rud tu bheith gan cheart agus, taréis teacht tharnais chun do thíre, go ndéanfá an reacht so: Lucht coigríche is comhreachtairí liom.

3. A oilithrig, do bhís foghlumanta, agus féach gach léann dar fhoghlumuigihis, nách aon tairbhe dhuit é, agus an léann ba bheag agat tráth, taoi ghá fhoghluim anois ionnus go dtuigfá cad é an rud gliocais an tsaoil seo agus, taréis teacht abhaile dhuit, go n-abrófá: Daoine simplí is có-dheisciobail liom.

IV.

1. Ná loirg díon ar phriúnsaíbh ná ar lucht rialtais ná ar ollamhnaibh coigríche. In am an anaithe, nuair a thagaid na scamaill lán de thóirthnig, is mairg a raghadh ar scáth na ndarach n-árd nó a lingfadh amach i lár an duibheagáin.

2. Siad priúnsaí agus rialtóirí an tsaoil seo na crainn árda daraighe agus isé gliocas an tsaoil seo an duibheagán.

3. Ná meas, go bhfuil an chomhacht go holc inti féin ná go bhfuil an léann go holc ann féin. Nílid, go deimhin, ach is amhlaidh d’iompuig daoine chun uilc iad.

4. Go deimhin, le fírinne, isé rud comhacht do réir Chríost ná an chros air a leigean an duine fónta é féin do tharnáil agus martar a dhéanamh de chun leasa do dhaoine eile.

5. Uime sin deintí na ríthe d’ungadh ar nós na [ 42 ]sagart, ionnus go ndoirtfí orra na grásta ba riachtanach chun íbeartha. Agus tugtaí seirbhíseach na seirbihíseach ar fhear ionaid Chríost.

6. Agus an léann, dó réir Chríost, ba chóir gurb é briathar Dé, arán agus tobar na beatha, é. Dubhairt Críost: Ní har arán amháin a mhaireann an duine ach ar an uile fhocal dá dtagan ó bhéal Dé.

7. Agus faid a bhí san mar sin bhi meas ar an léann agus ar an gcomhacht. Ach ar ball do shleamhnuig droch-dhaoine isteach i gcomhacht mar shleamhnóidís isteach ar leabaidh chlúimih chun collata, Agus ní dheinidís oifig phoiblí do mheas ach mar thigh tábhairne, do réir a shochair.

8. Agus na daoine foghlumanta, in ionad an aráin, is nimh a roinnidís, agus ba chosúil a nglór le fothram na muileann bhfolamh, gan cruithneacht an chreidimh ionta agus a bhfothram aca á dhéanamh gan éinne do chothú.

9. Agus do dhein díbhse cloch dhearbhuithe da phriúnsaíbh agus d’ollamhnaibh an tsaoil seo; óir, ar bhur n-oilithreacht daoibh, nách mó an chabhair a fuarúir ó lucht déirce ná ó phriúnsaíbh. Agus i gcólannaibh agus i bprísúnaibh agus in anródh dhaoibh, nár bhfoláine dhaoibh aon phaidir amháin ná léann Voltaire agus Hegel, ná fuil ann ach nimh, agus ná léann Ghuizot agus Chousin, ná fuil ionta ach mar bheadh muilinn fholmha?

10. Agus sine cúis ’nar thuit léann agus comhacht fé mhí-mheas; oir, san Eoraip, dar le daoine is ministir ceart an droch-dhuine, sé sin, fear den rialtas; agus dochtrainéir isea an t-amadán, sé sin, sophistés.

11. Mar sin a bhí, leis, nuair a tháinig Críost. An [ 43 ]puibliocánach, .i. oifigeach Romhánaoh, ba chuma é nó gaduidhe; agus an próconsul, .i. rialtóir, ba chuma é no fear a chuirfadh cáin ró-throm ar na daoine; agus an Fairisíneach, .i. fear a bheadh foghlumanta insna Scriptiúiríbh, ba chuma é nó feallaire; agus sofistés, nó ollamh Gréagach, ba chuma é nó rógaire. Agus tá brí tarcuisneach leis na foclaibh sin godí an lá aniu.

12. Agus taréis teacht daoibhse, leis, beidh brí tarcuisneach ag an gCríostuiacht leis an bhfocal , agus leis an bhfocal tiarna, agus leis an bhfocal comhairleach ri; leis an bhfocal: ministir agus leis an bhfocal ollamh.

13. Do glaodhadh sibhse chun comhachta agus léinn do chur fé mheas arís in bhur ndúthig féin agus ar fuaid na Críostuiachta.

14. Go deimhin, an lucht is sáimhe suan ina ndignitíbh agus a dheinean saibhreas dóibh féin as a n-oifigíbh, ní hiad san is taoisig oraibh;

15. ach iad súd is mó cúram agus is lú chodlan, iad súd is mó céastar agus is mó go ndéantar magadh fútha, iad súd do chaith uatha ollamhathas agus dúthaighe fairseanga. Agus an duine dhíbh a thuitean i gcomhachtaibh bhur namhad, fuilingean sé martra agus céasadh.

16. I dtiorthaibh eile, nuair a thagfan an namhaid agus atharuighean sé an rialtas, lomtar na daoine agus téid siad ar neamhní; ach claoid na hoifigeacha lena n-oifigíbh i gcomhnui agus leanaid na hollomhain ag aighneas: deinid siad fónamh do gach rialtas mar a chéile, agus díoltar iad ó gach rialtas mar a chéile.

17. Agus sibhse, is eol daoibh, na daoine bfearr imeasc bhur lucht seanaid agus bhur dteachtairí agus [ 44 ]bhur ríthe féinne, gurb iad san na cuirpthig is mó, do réir fógra. Impire na Rúise, agfus na daoine is cuirpthe do réir fógra an Impire, isiad is mó ’na bhfuil urraim ag dul dóibh, agus na daoine fhuilingeoidh martra uaidh beid siad ina naomhaibh.

18. Agus an lucht a chruinnig saibhreas dóibh féin as a gcuid foghluma do dhíol agus do mhéaduig ollamhathas agus tithe dhóibh féin agus do bhuaidh ór dóibh féin agus fabhar na ríthe, ní hiad san is lucht eagna in bhur measc,

19. ach iad súd dfógair go hárd briathar na saoirse agus dfuiling prísún agus buillí; agus an mhuintir is mó dfuiiling, is iad is mó ’na bhfuil urraimi ag dul dóibh, agus an lucht a chuirfidh séala ar a dteagosc lena mbás beid siad ’na naomhaibh.

20. Go deimhin, adeirim libh, caithfidh an Eoraip uile a fhoghluim uaibhse cé air go dtabharfidís eagnaidhe. Oir rud náireach isea comhacht san Eoraip aniu agus baois isea léann na hEorpa.

21. Agus má deir éinne! agaibh: Is olithrig gan airm sinn, conus is féidir dúinn ordú na stát mór gcomhachtach d’atharú?

22. An té labhran mar sin breithnigheadih sé conus mar a bhí an impireacht Rómhánach cho tóathan-fhairsing leis an ndomhan, agus mar a bhí Impire na Róimhe chó comhachtach leis na ríthibh go léir in éineacht.

23. Agus féach nár sheol Críost ina choinnibh ach dáréag fear simplí; ach ó bhí an spioraid naomh ionta, an spioraid chun íbeartha dhéanamh díobh féin, do rugadar bua ar an impire.

24. Agus má deir éinne agaibh: Saighdiúirí sinne [ 45 ]agus daoine gan eolas, conus fhéadfimídne ollamhain na gcrioch is mó foghluim agus is aoirde nós do chur ina dtost?

25. An té labhran an chaint sin breithnigiheadh sé conus mar ab iad ollamhain chatbair na hAithne ba mhó cáil agus ba mhó foghluim agus ab aoirde nós: ach do claoidheadh le briathar na n-asbal iad; óir, nuair a thosnuighdar na hasbail ar bheith ag teagosc in ainm Dé agus na Saoirse, do thréig na daoine na hollamhain agus do leanadar na hasbail.

V.

1. Ní haon uair amháin adubhradh libh go raibh sibh i lár na náisiún síbhiailta agus nár mhór daoibh síbhialtacht dfoghluim uatha, ach bíodh fhios agaibh, na daoine labhran libh i dtaobh síbhialtachta, ná tuigid féin cad a bhíon aca á rádh.

2. O phréimh Laidne, .i. civis, .i. cathrathóir, an focal síbhialltacht (civilisation), agus cialluian sé cathrachas (civisme) (.i. grádh don chathair nó don athardha). Tuigtí cathrathóir ar an té dheineadih íbirt de féin ar son a thíre, mar a dhein Scévola, agus Curtius agus Décius agus tugtí cathrachas ar a lithéid sin d’íbirt.

3. Ba shobhailce ag págánachaibh an ní sin ach ná raibh sí chó hárd de shobhailce leis an sobhailce Chríostuidhe a órduighean íbirt a dhéanamh de dhuine féin ní hamháin ar son na hathardha ach ar son na cine daona go leir; ach ar aon chuma ba shobhailce í.

4. Ach le himeacht aimsire, sa mheascadh teangthacha do lean adhradh na n-iodhal, tugadh síbhialtacht ar gach faisean dá nuacht in éadaíbh áille agus ar bhiathibh sobhlasta agus ar thithibh ósta [ 46 ]compórdacha agus ar amharclannaibh greanta agus ar bhóithribh móra leathana.

5. Agus dá dtagadh an págánach Rómhánach féin, ní áirighim an Críostuidhe, amach as an dtuama agus go bhfeicfadh sé iad súd a thugan daoine síbhialta orra féin, do thiocfadh fearg air agus dfiarfóch sé dhíobh go tur cadé an t-éileamh atá aca ar theidiol a ghluais ón bhfocal civis, .i. cathrathóir.

6. Ná bíodh meas chó mór agaibh, dá bhrí sin, ar na náisiúin atá dhá n-at le saibhreas saolta agus atá críochnúil, dea-órduithe.

7. Oir, más ar an náisiún saibhir, atá ró-thugtha do bheith ag ithe agus ag ól, is cóir díbh an meas is mó bheith agaibh, bíodh an meas is mó agaibh ar na daoine is compórdaighe agus is beathithe in bhur measc. Feuch, táid na treithe sin insna hainmhithe, leis; ach ni leor don duine iad.

8. Agus ma ’siad na náisiúin chríochnúla is fearr, is críochnúla na seangáin ná aon dream daoine; ach ni leor don duine bheith críochnúil.

9. Ma táid na náisiúin dea-órduithe gan locht, cé is fearr órdú ná na beacha; ach ní leor san don duine.

10. Oir, an tsíbhialtacht is oiriúnaighe don duine ba chóir gur shíbhialtacht Chríostuidhe gurbh ea í.

11. Bhi fear ann tráth agus clann mhac aige agus do thóg sé an chlann san le cráifeacht agus le sobhailceas sa bhaile; ar éigin a bhí blianta a naoidhandachta caitte aca nuair a chuir sé an chuid ba shine dhíobh ar árdscoil.

12. Bhíodar chó maith san agus chó dicheallach san go dtáinig meas ag gachéinne orra. Bhíodar ag dul ar

aghaidh agus ag cur díobh in eolas fé shúilibh cách [ 47 ]


13. Nuair a chonacadar go raibh gachéinní ag éirghe leo do rug an t-uabhar greim orra agus dubhradar: Tá meas ag daoine orainn agus a chúis aca, mar táimídne níos foghlumanta ná a lán aca; ba chóir, dá bhrí sin, go mbeadh aoidheacht agus eudaighe níos fearr againne ná ag daoine eile agus go mbeadh aoibhneas agus pléisiur an tsaoil againn.

14. Ach toisc ná cuireadh an t-athir agf triall orra oiread airgid agus ba mhaith leo, mar ní bhfaghdís uaidh ach riar a gcáis de gan éinní i gcóir costaisí nea-ghátaracha do chuireadar suas de bheith ag scríobhadh chuige, agus do bhriseadar leis, agus bhíodar ad iarraidh airgid a sholathar, go macánta ar dtúis, agus ansan le hiasachtaí i ngeall ar a n-oighreacht, agus fuaradar úsaire thugadh iasachtaí dhóibh go fial, ag brath air go mbeadh a gcuid go léir aige sa deire thiar. agus a shúil lena gcreach. Ar ball, ámh, bhíodar go dubhach agus go mí-shuaimhneasach agus do mheasadar sólás do chur ar a gcroidhe le meisce agus le ragairne; agus dubhradar leo féin: D’innis ár n-athir dúinn roim ré cadé an t-aimhleas a dheinean meisce agus ragairne, ach táimíd éirithe suas anois agus is féidir dúinn féin ár ngnó féin do dhéanamh; tugaimís fé shólás a thabhairt dúinn féin le hól agus le pléisiúr ach cuirimís teora leis, mar is cóir do dhaoine ciallmhara.

15. Ach níorbh fhada go ndeagfhadar thar gach teorainn agus gur dhein meisceoirí críochnuithe agus lucht póit díobh, agus gur iompuighdar ina mbithúnachaibh chun airgid a sholáthar. Ar an dtaobh eile dhe, bhí an t-úsaire taréis barántas cúirte dfáil ina gcoinnibh [ 48 ]agus greim do bhreith ar a n-oighreacht cheana féin agus ní thabharfadh sé a thuille dhoibh.

16. Ní raibh i ndán dóibh feasta ach an aindise. Nuair a fuair an t-athir eolas ar a n-imeachtaibh do chuir sé ó oighreacht iad, agus tugadh i ngeall don úsaire iad. Ag obair sa phrísún dóibh, do chuimhnighdar ar chomhairle a n-athar, agus dubhradar ina aigne: Faríor! nár éisteamair leis! Ach ó bhíodar lán d’uabhar, níor mhaith leo scríobadh chuige agus mathamhnachas d’iarraidh air, agus eisean ag gol ina ndiaig. Agus bíodh ná raibh aon náire orra roimis an saol go léir roime sin, bhí náire orra an uair sin roimis na daoine gan mhaith a bhí ag obair sa phrísún in éineacht leo, agus bhi eagla orra go n-abróch na daoine sin ina dtaobh: Táid siad lag-chroidheach; bíd siad ag gol agus ag lorg mathamhnachais ar a n-athir. Agus dfanadar mar sin gur rug an bás orra.

17. Nuair a chonaic na comhursain an méid sin dubhradar: Bhi na hóganaig sin ina mbuachaillí maithe faid a bhiodar ’na gcomhnuí i dtigh a n-athar; ach taréis na scoluiachta dfáil chuadar ar a n-aimhleas; ni foláir nó is droch-ní an léann; tógaimís ar gclann in ainbhfios ag^us in aineolas máisea.

18. Ach bhí ciall ag an athair agus níor chuir an méid sin aon droch-mhisneach air; do chuir sé sóisir a chlainne mac ar scoil, ach do chomhairligh sé dhóibh ceacht dfoghluim ó dhroch-shompla na ndritháireacha ba shine.

19. Agus níor dhearmhadadar riamh comhairle a n-athar, agus bhíodar chó maith chun an léinn agus a bhí na dritháireacha ba shine; ach do dheinidís a leas i gcomhnuí agus bhí meas orra, agus do chuir san ina [ 49 ]luighe ar na comharsain gur rud maith gurbh ea an léann, ach nár bhfoláir do dhuine rud do dhéanamh ar a athir i gcomhnui.

20. Agus féach, isí an Eaglais Chríostuidhe an t-athir, agus isiad na Francaig agus na Sasanaig agus na Gearmáinig na dritháireacha is sine agus isiad an cumpórd agus glóire an tsaoil seo an t-airgead, agus isé an t-áirseoir an t-úsaire, agus na Polannaig agus na hEireannaig agus na Beilgig agus na náisiúin eile go bhfuil creideamh aca, siniad na dritháireacha is óige.

VI.

1. Ce hiad na daoine is mó ’na mbíodh dóchas bhur n-athardha asta agus is mó ’na bhfuil dóchas aici asta godí anois féin?

2. Ni hiad súd ba mhaisiúla éadaighe agus do bfearr chun rinnce iad ná iad súd a mhaireadh i sóghaile agus i sáimhríocht óir ni raibh grá ag a bhfurmhór san don athardha;

3. Ná fós iad súd a dhein cogadh fadó agus ba mhó eolas ar conas cleasa cogaidh a dhéanamh agus conus cur síos ar chogadh agus ar conus leabhair chogaidh a scríobhadh, óir ní raibh creideamh ag á bhfurmhór san i gcúis a n-athardha.

4. Ní hiad san iad, ach iad súd ar a dtugtí Polannaig fhónta, lucht an chroidhe mhóir, agus fós na saighdiúirí simplí agus an t-aos óg,

5. Agus feach, is cosúil an domhan leis an athardha agus is cosúil le daoine na náisiúin. Na náisiúin chreideamhacha, atá lán de ghrá agus de dhóchas, isiad san dóchas an domhain.

6. Go deimhin, adeirim libh: ní hagaibhse atá síbhialtacht dfoghluim ó eachtrannaibh, ach is agaibhse [ 50 ]atá an fhíor-shíbhialtacht Chríostuidhe do mhúine dhóibh-sin.

7. Is maith an rud eolas ar cheárdaibh agus ar ealadhnaibh agus ar eoluiacht. Ní himeasc Eorpach amháin is féidir mórán nithe fónta dfoighluim, ach imeasc Túrcach agus imeasc daoine fiaine, leis. Foghlumuig iad, mar sin, ionnus go bhféadfir maireachtaint ar do shaothar féin, fé mar a mhairidís na hasbail ar chéird, ar shiúinéireacht nó ar fhighdóireacht nó ar fhonnsóireacht; ach ní dhearmhadaidís gurbh asbail iad agus go raibh orra nithe ab uaisle ná ceárda is ná ealadhna is ná leann do mhúine do dhaoine.

8. Ná dein aighneas le heachtrannaibh, le réasúnaibh agus le mórán cainte, mar is eol duit gur lucht cabaireachta agus béicighe iad, ar nós leanbhai scoile, agus an garsún cainteach droch-mhúinte ní leigean sé an focal deireannach leis an máistir is mó foghluim.

9. Teagaisc iad led’ dhea-shompla, mar sin, agus freagair a gcuid cabaireachta le soluídi a’ Soíscéal Chríost agus a’ Leabhar na nOilithreach.

VII.

1. Deir Críost: An té a leanfidh mise, fágadh sé a athir agus a mháthir, agus cuireadh sé a anam gcontabhairt.

2. Deir an tOilithreach Polannach: An té leanfadh an tSaoirse, fágadh sé a thír agus cuireadh sé a anam i gcontabhairt.

3. Oir, an té fhanan ina thír agus fhuilingean an daoirse dfonn a anam do choimeád, caillean se a anam agus a thír; ach an té fhágan a thír chun na Saoirse do chosaint go himirt anama, beidh a thír aige agus

mairfe sé go síorraidhe. [ 51 ]


4. Sa tseanaimsir, nuair a tógadh an chéad chathir riamh ar an dtalamh, do thárla tóiteán sa chathir sin.

5. D’eirig cuid desna daoine ina suidhe agus dféachadar amach an fhuinneog, ach nuair a chonacadar an tóiteán i bhfad amach uatha thugadar an leabaidh orra féin arís agus do thuit a gcodladh orra.

6. Agus nuair a chonaic cuid eile aca go raibh an tóiteán níba ghoire dhóibh dfanadar ina seasamh ar an dtairsig agus dubhradar: Cuirfímíd chun a mhúchta nuair a thiocfa sé chugainn.

7. Agus do neartuig ar an dtóiteán go mór agus do dhóig sé tithe na muintire dfan insna dóirsibh; agus an mhuintir bhí ina gcolladh do loisceadh maraon lena dtithibh iad.

8. Gan amhras bhí roinnt daoine misniúla ann agus nuair a chonacadar an tóiteán ag teacht do phreabadar amach as a dtithibh agus thánadar ag cabhrú leis na comharsain ba ghoire dhóibh; ach ó thárla ná raibh ionta ach buidhean bheag nior éirig leo.

9. Agus nuair a bhí an chathir ina luaithrig do thóg na comhursain agus na daoine misniúla san arís í le congnamh muintir na tíre go léir agus bhí si níba mhó agus níba mhaisiúla ná riamh.

10. Ach an mhuintir úd dfan siar ón dtóiteán agus nár dhein ach fanúint isna dóirsibh, do ruagadh amach as an gcathir iad. Agus fuaradar bás don ghorta.

11. Agus do deineadh an reacht so sa chathir sin, .i. muintir na cathrach go léir do rith chun gach tóiteáin sa chathir feasta agus uisce agus dréimirí agus crúcaí do bhreith leo, nó daoine do cheapa agus a bheith de chúram orra faire na hoíche dhéanamh agus an tóiteán

do mhúcha. [ 52 ]


12. Agus tá a lithéid sin de dhlí agus d’órdú i bhfeidhm insna cathracha godí an lá so agus collaid muintir na gcathrach go suaimhneasach.

13. ’Sí an Eoraip an chathair sin; agus is cuma an tóiteán nó an t-annsmacht, namhaid na hEorpa; agus isiad na Gearmáinig na codaltaig; agus isiad na Francaig agus na Sasanaig an mhuintir dfan ina seasamh insna dóirsibh; agus isiad na Polannaig na daoine misniúla.

VIII.

1. Bhí feirmeoirí i Sasana fadó agus mórthréada bó is caorach aca.

2. Ach ba mhinic na machtírí isteach ar a machairí ag déanamh díobhála.

3. Thugadh na feirmeoirí leo airm theine agfus gadhair agus théidis ag fiach agus ag marbhú na machtírí; ach nuair a comáintí na machtírí amach ar thaobh do chasaidís isteach ar thaobh eile, agus in aghaidh an aon mhachtíre amháin a marbhuightí d’eirigheadh deic gcinn eile amach. Ach bhiodh na feirmeoirí ag fiach i gcomhnuí i dtreo gur fágadh dealbh iad ó bheith ag beathú gadhar agiis ag ceannach arm. Agus bhí na tréada go léir ag dul ar neamhní.

4. Ansan do labhair feirmeoirí eile ba mhó ciall ná iad san agus dubhradar: Téimis níos sia ag lorg an bheithíg allta, téimís godí an choill agus dúisighmís é agus marbhuighmis ina ghnáthóig é. Ach thánadar na machtírí amach a’ coilltibh eile arís agus do creachadh na scológa agus do chailledar a dtréada.

5. Ar bheith creachta dhóibh, do chuadar ag triall ar a gcomhursanaibh agus dubhradar: Cruinnighmís na daoine go léir agus bímís ag fiach an bhliain go léir [ 53 ]godí go mbeidh an uile mhactíre san oileán díscithe againn; mar oileán isea Sasana.

6. Agus do ghluaiseadar, agus bhíodar ag fiach na machtírí godí go raibh an uile cheann díobh marbh aca; ansan do chuiredar na hairm uatha agus do scaoiledar uatha na conairteacha agus téid a reithí ag inníor gan aodhairí ó shin i leith.

IX.

1. Ar an dtaobh eile dhe bhí dúthig áirithe san Iodáil a bhí go torthúil fé rís agus fé chrannaibh ola, ach ba mhí-fholáin an áit é óir, sa tsamhradh, do thagadh as an dtalamh aníos gal ar a dtugtar malaria agus do leathadh an gal san éagcruas marathach mór-thímpal.

2. Agus is amhlaidh a dheinidís muintir na dúithe sin, cuid aca do leigint deatacha ar fuaid a dtithe chun an droch-ghail a mharbhú, agus mórán airgid a chaitheamh ar chumhrachtaíbh; agus cuid eile acu do dhéanamh portbhallaí ar án dtaobh thiar, mar is aniar a thagadh an phlaig; agus an chuid eile d’imeacht ó bhaile i gcóir an tséasúir mhí-fholáin; agus bhí san mar sin godí go raibh gachéinne marbh agus an áit ina fhásach agus gan ach tuirc i gcoilltibh na gcrann ola agus insna páirceana ríse.

3. Agus do shrois an malaria dúthig eile agus siúd ar siúl arís an obair chéadna godí go bhfuair na daoine an chomhairle seo ó dhuine chiallmhar:

4. Eirighean an droch-ghal san i bhfad uaibh, ar seisean leo; éirighean sé a’ riasc atá caogaid míle as so. Imighidh, mar sin, agus leigidh an t-uisce as an riasc san agus tiormuighidh é, i dtreo, ma gheibhean sibh bas don droch-ghal, go mbeidh bhur gcuid ag bhur [ 54 ]gclainn in bhur ndiaig agus go mbeidh beannacht na dúithe oraibh.

5. Ach ní leigfeadh an leisce dhóibh dul chó fada ó bhaile, agus bhí eagla orra roimis an mbás: mar sin níorbh fhada go bhfuaradar bás ar a leapachaibh. Do ghluais an droch-ghal roimis agus tá sé tagaithe isteach i ndeich nduthaighe cheana féin.

6. Oir, an té ná héireoidh amach as a thig chun dul ag troid leis an olc, chun é scrios as aghaidh na talmhan, tiocfidh an t-olc féna dhéin agus seasó sé aghaidh ar aghaidh leis.

X.

1. Cuimhnighidh go bhfuil sib i lár na gcoigcríoch mar bheadh tréad caorach imeasc na bhfaolchon nó camtha i dtír namhad agus beidh síocháin eadraibh.

2. An mhuintir ná mairean i síocháin is cosúil iad leis na reithí a théan amach ón dtréad, óir ní bholaithighid an machtire; nó, is cosúil iad le saighdiúirí a théan amach ón gcamtha, óir ní thugaid siad an namhaid fé ndeara; ach dá mbolaithigheadh na reithí an machtíre agus dá bhfeiceadh na saighdiúirí an namhaid dfanfidis i bhfochair na coda eile.

3. Agus ní hiad an Trionóid Shátanda amháin is namhaid agaibh ach iad súd uile a dheinean beart agus caint in ainm na Tríonóide sin; agus imeasc na gcoigcríoch is líonmhar iad lucht Neart agus Có-throm agus Criochnú an Fháinne agus Tairbhe d’adhradh.

4. Ni có-mhaith sibh go léir, ach an té is measa oraibh is fearr é ná an coigríoch fónta, óir ta an spioraid chun íbeartha dhéanamh de féin i ngach duine agaibh.

5. Agus ma ta cuid agaibh nách mar a chéile is mar [ 55 ]gheall ar sibh a bheith éaduithe ar nós na gcoigríoch é: cuid agaibh agus boinéid dearga na Fraince oraibh; cuid eile agaibh éaduithe in eirmín na Sasanach; agus an chuid eile agus róbaí agus bairéid na Gearmáine agaibh á chaitheamh. Ach nuair a bhíom an chlann fé cheilt mar sin is minic na haithnighean a máthir féin iad.

6. Ach cho luath agus chuirfid siad umpa arís an czamara Polannach. aithneoid siad uile a chéile, agus suidhfid siad ar ghlúinibh a máthar agus déanfidh sise iad do ghabháil chuichi mair a chéile.

7. Ná bídh i gcomhnuí ag lorg cionta agus peacaí na haimsire atá imithe. Is eol daoibh go ndeirean an t-oide faoistine leis an bpeacach gan cuimhneamh ar a sheana-pheacaí arís, agnas go mór mór gan labhairt orra le daoine eile, mar go ndeinean cuimhneamih agus comhrádh den tsórt san mian na bpeacaí do mhúiscilt arís.

8. Ná glaoigidh amach: Féach go bhfuil a lithéid seo de smál ar an nduine sin, ní mór dom é nochtadh do chách; siné an duine dhein a lithéid seo nó a lithéid siúd de choir. Deinidh deimhin de go mbeidh daoine le fáil chun na gcortha san do chuardach agus breithimh chun breith a thabhairt orra agus básairí chun iad d’agairt.

9. Ag gabháil tríd an gcathir duit, ní ghlanan tú an pábháil má chíon tú salachar air; agus nuair a castar leat an gaduidhe agus é gofa ní bhíon deithneas ort chun é tharang chun na croiche. Táid daoine eile ann go bhfuil san de chúram orra.

10. Ní theipfidh a lithéidí orainn choíche; óir, le fíordhéanaí, taréis bháis don bhásaire i gcathir áirithe [ 56 ]sa bhFrainc, siúd ag lorg oific an bhásaire sin trí chéad agus sé-dheic-a-sé de dhaoine.

11. Ag labhairt daoibh ar an aimsir atá imithe, má abran sibh: Deineadh a lithéid seo de bhotún sa chath san, agus a lithéid siúd de bhotún sa chath eile sin, agus a lithéid siúd eile de bhotún sa ghluaiseacht, úd: tá go maith; ach ná ceapaidh taréis an méid sin go bhfuil ana-ghéarchúis agaibh, mar is uiriste botún d’aithint ach is deacair dea-thréthe d’aithint.

12. Má bhíon poll sa pheictiúir nó smúid air, an chéad amadán a thiocfidh chife sé é; ach ní mór bretheamh ar pheictiúirí chun uaisleacht an pheictiúra do bhreithniú.

13. On dtaobh is gile a bheirid dea-dhaoine breith ar dtúis.

14. Ag ullmhú i gcóir na haimsire ná táinig ní mór don aigne dul siar ar an aimsir atá imithe, ach gan dul siar ach chó fada is théan an duine roim dhul de léim thar dig dó chun fuinnimh a chur leis an léim.

XI.

1. Ta sibh i lar na gcoigríoch mar bheadh lucht luinge briste ar thráig eachtrannach.

2. San am san, do thárla gur bádhadh long áirithe; ach mar sin féin tháinig cuid de mhuintir na luinge slán ar an dtráig iasachta.

3. Orra san bhí saighdiúirí agus mairnéalaig, ceárduithe agus daoine foghlumanta, lucht leabhar do scríobhadh.

4. Bhiodar go léir ag déanamh buartha agus ba mhian leo filleadh chun a dtíre féin: do chuadar i gcomhairle.

5. Ni thabharfadh muintir an chósta long ná bád [ 57 ]dóibh agus, toisc iad do bheith sanntach, ní thabharfidís an t-adhmad dóibh gan airgead.

6. Chuadar isteach sa choill mar sin agus do chromadar ar na crainn dféachaint agus bhíodar ag cur is ag cúiteamh eatorra féin féachaint cá mhéid crann a bheadh uatha agfus conus a dhéanfidís an t-árthach; ce aca ar nós an tsean-árthaig é nó ar nós nua: ce aca frigéad nó brig nó cuitéir a dhéanfidís.

7. Faid a bhí an méid sin ar siúl, d’airig muintir na háite geoin an aighnis a bhí eatorra agus do rithedar isteach agus do ruagadar na deoruithe amach as an gcoill.

8. Agus tháinig buairt ar na deoruithe agus do chuadar i gcomhairle arís.

9. Agus dubhairt cuid aca gurbh é an píolóid fé ndeár briseadh na luinge agus ba mhaith leo é mharbhú ach bí sé báite cheana. Bhí cuid eile acu ag cur an mhilleáin ar na miáirnéalaig ach toisc gan ach beagán máirnéalach a bheith acu ni fhéadfidís cur chun faraige dá marbhaighdís iad agus mar sin níor dheinedar ach taircuisne thabhairt dóibh agus greas fonomhaide dhéanamh fútha.

10. Bhí cuid aca ghá áiteamh gurbh í an ghaoth adtuaidh fé ndeár an longbhriseadh. Ar an ngaoith aniar a chuir cuid eile aca é agus dubhairt cuid eíle fós gur charraig bháite fé ndear é. Agus d’eirig aigneas mór eatorra agus do lean an t-aighneas ar feadh bliana agus níor dheinedar tada.

11. Ansan dtubhradar: Scaram le chéile agus loirgeam slithe beatha dhúinn féin. Agus do chuaidh na siúinéaruithe ag déanamh tithe agus na saoir chloiche ag déanamh saoirseachta, agus na saoithe [ 58 ]ag déanamh leabhar don mhuintir iasachta, gach ceárduidhe ar a chéird féin.

12. Agus thárla go dtáinig dúil mhór acu a dtír féin dfeiscint arís: ní fheidir cuid acu conus tithe thógáil ar an nós iasachta, agus ní fheidir an chuid eile conus scríobhadh sa teangain iasachta.

13. Agus bhíodar go dubhach agus chuadar i gcomhairle arís.

14. Bhí fear ionnraic ar a measc a bhí ina thost godí san, mar fear síochánta ab ea é; dubhairt seisean leo:

15. Ag obair agus ag tuilleamh bhur gcoda dhaoibh, dearmhadan sibh go bhfuilimíd le filleadh chun ár dtíre féin, agus ní raghmíd tharnais ach ar bórd árthaig agus ar muir.

16. Mar sin de, leanadh gach éinne agaibh ag tógáil tithe nó ag scríobhadh leabhar, ach san am gcéadna ceannuigheadh gachéinne agaibh tua dhó féin agus foghlumuigheadh sé conus snámh a dhéanamh.

17. Maidir leis na máirnéalaig atá inár bhfochair, faghdís eolas ar gach a mbainean leis an bhfaraige agus le cóstaíbh agus le gaothaibh.

18. Agus nuair a bheidh gach ní i dtreo againn raghmíd godí an choill agus déanfimíd árthach go tapaidh sara mbeidh uain ag muintir na háite seo ar aon rud do dhéanamh. Agus más fonn leo bac a chur ar an obair cosnóimíd sinn féin orra leis na tuanaibh.

19. Dubhradar mar sin: Toghmís píolóid.

20. Theastuig seanaphíoilóid ó chuid acu agus píolóid óg ó chuid eile acu; a lithéid seo a theastuig ósna saoraibh cloiche agus a lithéid siúd ón lucht léinn. Agus do lean an t-aighneas san ar feadh bliana agus níor

socruigheadh ar éinní. [ 59 ]


21. I gcionn na haimsire sin dubhairt an fear ionnraic leo: Toghaidh ar dtúis siúinéir chun árthaig do dhéanamh daoibh go tapaidh, agus bíodh an t-árthach ar an sean-nós agaibh go fóill mar níl uain againn ar thabhairt féna mhalairt.

22. Agus nuair a bheimíd ar bórd agus amach ar an bhfaraige cruinneoimíd na máirnéalaig go léir agus déarfimíd leo píolóid a thogha.

23. Ní mian teis na máirnéalaig, ach chó beag linne, go mbáfí iad agus dá bhrí sin is fear maith a thoghfid siad.

24. Agus má éirighean eadrainn ansan beidh deire leis an aighneas láithreach, mar déanfidh na fir láidire na fir laga do cheangal nó iad do chaitheamh amach sa bhfaraige; ach faid a bheimíd anso ni bheidh deire le haon achrann choíche, mar níl neart dúinn duine do thachtadh ná do chur chun báis.

25. Do deineadh mar adubhradh agus do chuadar ar bórd na luinge fé áthas.

XII.

1. I gcóthionólaibh agus i gcomhairlíbh daoibh ná deinidh aithris ar lucht na n-íodhal d’adradh.

2. Le hithe agus le hól, ar dínnéar nó ar suipar, isea thosnuigheadh cuid agaibh cóthionóil agus comhairlí agus có-cheilgí, nithe a iarran ciall agus aondacht.

3. Cé airig riamh ciall do theacht a’ bolg lán nó síocháin a’ ceann ar meicse; cé airig riamh gur cuireadh tír ar a bonnaibh arís le feoil agns le fíon?

4. Sine an fáth ná bíon an rath ar a lithéidí sin de chomhairlíbh agus de chó-cheilgíbh, óir críochnuightar

mar a tosnuightar. [ 60 ]


5. Is maith is eol do leaghaibh, an ghein a geintear ón athair a dheinean craos ar bhia agus ar dhig, gur ina gheilt a thagan an ghein sin ar an saol agus nách fada buan dó.

6. Mar sin de, tosnuighidh bhur gcóthionóil agfus bhur gcomhairlí ar nós bhur sinsear, le haifrionn d’éisteacht agus le corp Chríost do ghlacadh agus cinnfe sibh combairlí ciallmhara.

7. Ní fheacaidh éinne riamh easaontas idir dhaoine an lá théidís go débhóideach diadha chun comaoine, ná go mbíodh eagla orra an lá san.

8. Ag dul i gcomhairle dhaoibh, umhluighidh sibh féin in bhur n-aigne féin, óir ni bhion an aondacht ach mar a mbíon an umhluiacht.

9. Ní dubhradh riamh le daoine: “Arduighidh sibh féin chun na haondachta” ach “claonaidh chun na haondaohta.”

10. Agus an té gur mian leis barraí na gcrann do cheangal da chéile ni mór dó iad do lúbadh. Lúbaidh bhur résúin mar sin agus ceanglóid siad da chéile.

11. In bhur sollamhnaibh daoibh ná deinidh aon aithris ar lucht na n-íodhal. Oir, an lucht iodhal-adharthach na gcomhnuigihean sibh ina measc, coimeádaid siad a bhféilte náisiúnta, idir féilte áthis agus féilte dóláis, ar an gcuma gcéadna i gcomhnuí .i. le fleadh agus le féasta: a mbórd is altóir acu agus a mbolg is Dia acu.

12. Ach sibhse, sollamhnuigihidh bhur bhféilte náisiúnta, féile an éirithe amach agus féile Grochów agus féile Wawer, sollamhnuighidh iad ar nós bhur sinsear, ag dul bhun an teampaill ar maidin agus ag déanamh

troscaidh an lá go leir. [ 61 ]


13. Agus an t-airgead a bheidh spártha ó nbhur mbéal agaibh an lá san tugaidh dosna sinsearaibh é chun bhur máthar, dhun bhur dtíre, do chothú. Ní choiscfidh rialtas ar bith a lithéid de shollamhnú, agus ní gá tithe móra do ghlacadh ná cruinniú ar na sráideana ag déanamh collóide.

14. Ná deinidh aithris ar ghléas éadaig lucht na híodhaldachta. Oir, an lucht íodhal-adhartha na gcomhnuighean sibh ina measc, ba mhaith leo a mbreitheamh a dhéanamh onórach, agus ní le dílse don cheart é ach le héide. Agus gléasaid siad iad féin i gcorcur agus in eirmín, i ribíníbh agus in órnáidíbh, agus is cosúil iad leis na striapacha, a éaduighean iad féin i mbán agus i ndearg agus a chuirean órnáidí orra féin, agus dá ghráinne iad gurb ea is maisiúla bhíon a gcuid éadaig.

15. Sibhse go léir, idir óg is críonna, caithidh czamara an éirithe amach, óir is saighdiúirí leis an athardha ina héirghe amach sibh go léir. Czamara isea a tugtar, sa Pholannais, ar an aibíd a cuirtar uime dhuine agois é ag dul chun báis.

16. Agus tá a lán agaibhse a gheoidh bás in aibíd an éirithe amach. Agus ba chóir daoibh uile bheith ullamh ar bhás dfáil.

17. D’aithneoch éinne, fé aibíd an éirithe amach, an curadh do rug bua ag Wawer, nó an curadh do bhris cath ar an namhaid ag Stoczek, nó an ceann feadhna do sheol an slua tharnais ón Lituáin, nó an fear a bhí i gceannus reisimeint Wolhynie, nó an laoch adubhairt le linn an éirithe amach: A ógánacha, deinidh beart do réir mar atá curtha romhaibh agaibh; cuíridh cath ar an namhaid; agus na fir óga is túisce chuirfidh ruaig [ 62 ]ar an dtíoránach, agus an fear is túisce ghlaofidh: Síos le Nioclás!—beidh a n-ainmneacha san i mbéalaibh feara an domhain.

18. Ach cé dhó gurb eol cad is ainm do rí Náiple nó do rí Shardinia, má tá an corcur féin umpa? Cé aige go bhfuil fios ainmneacha chlann na ríthe atá i dtíorthibh eile nó fios ainmneacha na marascal agus na ríhe féinne go bhfuil cuaillí ceannuis ag'us comharthí uaisleachta acu? Ca bhfios d’éinne é?

19. Agus an chuid eile acu, aithnightar a n-ainmneacha toisc a chuirptheacht agus a bhaoithe atáid, fé mar aithnightar, sa tsráid-bhaile bheag, ainm an mhór-fhoghluidhe bhóthir nó an ghaduidhe mhóir nó an chleasaidhe mhóir nó an bhriolláin a chaoluighean leis tríd na sráideana agus a chuirean na daoine ag gáirí uime

20. Agus is mar sin do ghlóire an tzar Nioclás agus an tzarin Don Miguel agus tzarin Mhodène agus mórán ríthe agus ministrí is eol daoibh.

21. Caithidh, dá bhrí sin, czamara an éirithe amach.

22. An té go dteastuighean culaith éadaig níos daoire uaidh agus go bhfuil an gustal aige chuige deineadh sé mar seo: más deich gcoróinneacha atá ar an gculaith eudaig, taréis an chulaith éadaig do cheannach dó tugadh sé uaidh deich gcoróinneacha eile chun na hathardha do chlúdach. Agus deinidh an ní céadna i dtaobh bídh agus lóistín, nithe ba chóir a bheith mar a bhíon ag an saighdiúir; má théid siad thairis sin, tugaidh rud éigin uaibh go fonnmhar.

23. Agus san am gcéadna ná cuiridh suim i mbia ná in éadaíbh ná i lóistín na comhursan. Ba chóir gur chuma libh cad a dhéanfadh daoine eile; mar is chun [ 63 ]gurbh usaide dhaoibh breith do bhreith, ní har an bhfear thall ach oraibh féin, a cuireadh síos an chomhairle sin tuas.

24. Ná bídh dian ar an bhfear thall. Bídh dian oraibh féin. Oir is do réir na breithe a thabharfa sibh a tabharfar breith oraibh.

25. Breithnighidh an rud diamhair seo:

26. An te a thabharfidih breith ró-dhian ar a chomharsain mar gheall ar locht ar bith, pe aca meattacht nó faillí nó guagacht é, is deimhin dó fein tuitim sa locht san agus tabharfid daoine eile breith air.

27. Agus sin rud a thuig Polannach diadha áirithe agus a chuir sé in úil dúinn.

28. Isiad na daoine meatta is déine thugan brethúntas ar an bhfear meatta agus isiad na gaduithe is mó cháinean an gaduidhe, agus isiad na hamadáin is aoirde geoin mhagaidh fén amadán.

29. Labhran an fear ciallmhar cródha dfocalaibh boga ceannsa; ach mas taoiseach é nó breitheamh agus go dtugan an pobul an claidheamh ina láimh dó, ansan bíon sé cruaidh agus beirean sé breith ar dhaoine agus cuirean sé pionóis orra do réir a choinsiais, mar isé an pobal go léir a bheirean a mbreith tré na bhéal agus isí lámh an phobail a chuirean daoine chun báis leną chlaidheamh.

30. Ach labhran an fear baoth go cruaidh agus go borb faid ná bion se ach ina dhuine den choitiantaoht; ach an túisce na ndeinean sinsear agus breitheamh ar an bpobal de tagan a shuaruiacht chun soluis, óir bíon sé imeaglach, claon, agois ní do réir chroidhe an phobail a bhíd a bhreitheana aoh do réir an ghrádha nó an

fhuatha bhíon aige dhó so nó dhó súd. [ 64 ]


31. Má dheinean tú eagcóir ar dhuine, ghá rádh: is feallaire é: nó má abran tú go héagcórach: is spiadóir é; dein deimhin de go hhfuil an ní céadna san díreach ag daoine eile á rádh ad thaobh-sa an neomat céadna san.

32. Ná deinidh cúmpráid eadraibh féin, gha rádh: den tseana-bhuidhin mise agus den bhuidhin nua thusa; bhíos-sa ag Grochow agus ag Ostrolenka, agus ní rabhais-se ach ag Ostrolenka amháin; ba shaighdiúir mise agus ba dhuine den éirghe amach tusa; Lituáineach mise agus Masóbhiánach tusa.

33. An mhuintir a labhran ar an gcuma san, léighdís arís sa tSoíscéal an tsoluíd i dtaobh an lucht oibre a tháinig godi an fíonghort, cuid acu do glaodhadh ar maidin agus cuid acu i lár an lae agus cuid acu um thráthnóna, agus ná fuair éinne acu aon rud sa mbreis air a chéile. An mhuintir a tháinig go luath sa ló bhi éad acu leis an muintir ba dhéanaighe a tháinig agus dubhairt an máighistir: A lucht an éada is cuma dhaoibh ach bhur dtuarastal féin dfáil.

34. Fachtar mórán daoine clainne le saighdiúirí imeasc na gcoigríoch ach clann an éirithe amach is in bhur measc féin amháin atáid siad le fáil.

35. Bráithre dá chéile an Lituáineach agus an Masóbhiánach; an amhlaidh a théidheann na bráithre ag achrann le chéile toisc Ladislás a bheith mar ainm ar dhuine acu agus Witold ar an nduine eile! Is aon ainm amháin atá orra, an t-ainm “Polannach.”

XIII.

1. Ná deinidh aighneas ar bith i dtaobh méid bhur seirbhíse ná i dtaobh tosuiachta ná i dtaobh

céimeana onóra. [ 65 ]


2. Bhíodar saighdiúirí calma áirithe ag tabhairt an asáilt ar chathair áirithe. Do cuireadh dréimire suas le falla na cathrach agus do ghlaoidh an sluá: An té is túisce leagfidh cos ar an bhfalla is aige a bheidh an curadh-mhír.

3. Do rith an chéad chomplacht rompa agus ó ba mhian le cách bheith ar an gcéad duine a raghadh anáirde ar chéimeanna an dréimire, do thosnuighdar ar bheith ag brúth ar a chéile i dtreo gur leagadar an dréimire agus gur thuitedar de bharra an fhalla anuas agus gur marbhuigheadh iad.

4. Do cuireadh suas an dara dréimire agus siúd féna dhéin an dara complacht agus an té ba thúisce léim anáirde ar na céimeana do scaoileadh leis agus do lean an chuid eile é.

5. Ach ní raibh an saighdiúir tosaig ach leath na slí suas nuair a chuaidh dá neart, agus stad sé agus bhí sé sa tslí ar an g-cuid eile. Do thosnuig an fear a bhí laistíos de ar bheith ag achrann leis; do thóg sé den dréimire é agus do chaith sé uaidh síos é, agus do chuir sé an chuid eite ag tuitim i ndiaig a gcúil síos: do bhí ina chíréib agus do marbhuigheadh iad go léir.

6. Do cuireadh suas an tríomhadh dréimire agus áo phreab an tríomhadh complacht anáirde air; do goineadh an fear tosaig agus níor mhaith leis dul ní ba shia anáirde. Ach fear maith láidir ab ea an té a bhí ina dhiaig; agus, gan focal do rádh dhó, níor dhein sé sin ach greim a bhreith ar an bhfear tosaig agus é bhreith ar a bhéalaibh leis suas, ghá chlúdach féin leis mar a dhéanfá le sciath cosanta agus do chuir sé ar bharra [ 66 ]an fhalla é; do lean an chuid eile in eagar agus in órdú agis do ghabhdar an chathair.

7. Do chuaidh an slua i gcomhairle ansan agus ba mhaith leo an curadh-mhír do thabhairt don fhear láidir, ach do labhair seisean leo mar seo:

8. A shaighdiúirí na páirte, dfógrúir an curadh-mhír don té ba thúisce leagfadh cos ar an bbfalla; seo anso saighdiúir créachtnuithe a bhí ann romhamsa; dó san, mar sin, is cóir an curadh-mhír do bhreith leis. Is tríd do ghaibh Dia an chathair.

9. Ná bíodh meas suarach agaibh air, ghá rádh: An do luas cos amháin is cóir tosach a thabhairt; óir áirmhightar luas, leis, mar dhea-thréith sa tsaighdiúir, chó maith le neart agus le cródhacht.

10. Ná habraidh nár dhein sé tada; óir, mara mbeadh gur goineadh romham-sa amach é, is mise a goinfí ag-us béidir ná tógfí an chathair indiu. Mar, an té a chosnan, tá sé chó maith leis an té a bhuailean, agus is có-mhaith sciath agus claidheamh. Níl aon ghnó agam de churadh-mhír, mar is eol daoibh go léir cad a dheineas.

11. Tugan Dia an buadh dhúinn tré luas an chéad duine, tré chródhacht an dara duine, tré neart an tríomhadh duine; ach nuair a dheinean an fear láidir nó an fear gasta a chomráduidhe lag do chaitheamh síos in ionad é bhreith leis anáirde, cuirean sé mearathal agus tré chéíle ar a mhuintir féin agus bristear orra; agus, má dheinean sé maoidheamh as a ghníomhartha féin, cuirean sé síol an easaontais.

XIV.

1. Tugadh cách a thalant don athardha, mar a cuirtar déirc i gciste na mbocht, fé cheilt, agus gan [ 67 ]a innsint cá mhéid é. Tiocfidh an t-am na mbeidh an ciste lán agus scríobhfidh Dia san áireamh cá mhéid a chuir cách ann.

2. Ach má dheinean tú maoidheamh as an méid seo nó as an méid úd do chur ann beir at cheap magaidh ag daoine; aithneoid siad gur chun do ghlóire féin amháin a thugais uait do thalant.

3. Is cosúil le púdar an tseirbhís a deintar don athardha.

4. An té a leathan an púdar go fórleathan agus a chuirean teine leis, ní bhíon aige ach lasair bheag gan neart, gan pléascadh, gan éifeacht.

5. Ach an té a chuirean go doimhinn sa talamh é agrus a chuirean teine leis, réaban sé an talamh agus an falla le torainn-chleas tóirthnighe; agus deirid na daoine: Go deimhin féin, bhí mórán púdair ann—bíodh is ná raibh ann ach beagan ach gnjr cuireadh go doimhinn e.

6. Mar sin don tseirbhís a cuirtar i bhfolach doimhinn, féachfa sí lán de ghlóire; agus má ceiltear í chó maith san ná feicfar ar an saol so choíche í, be sí ag taithneamh ar feadh na síorruiachta, agus beidh a torainn-chleas gan críochnú choíche, agus beidh a glóire síorraidhe, agus mairfidh a toradh ar feadh na saol.

7. An tseirbhís a deintar don athardha is cosúil le gráinne í; an té chuirean ar a dheárnain é agus a thespeánan do chách é, ghá rádh: Sin gráinne mór agaibh—tiormó sé é agus ní bhainfe sé pioc dá thoradh.

8. Ach an té chuirean an gráinne sa talamh agus a dheinean foidhne ar feadh roinnt seachtainí, chíon

sé planda ag teacht as an ngráinne. [ 68 ]


9. Agus an té thaiscighean an gráinne mar aon leis an ndéis i gcóir na hathbhliana, i gcóir na beatha síorraidhe, gheo sé céad gráinne as, agus as an gcéad gráinne sin gheo sé na mílte míle gráinne.

10. Agus sin é an fáth gurb é an fear is sia fhanan gan luacht saothair is mó gheibhean de luacht saothair; agus mara bhfachtar tuarastal i bhfus is móide an tuarastal a gheofar thall é.

11. Cad déarfá leis an muintir a bhín ag gearán, ghá rádh: Dheineamair go calma, agus níl comhartha onóra ná árd-chéim tagainn? An ar son céimeana agus comharthaí onóra a throidean sibh, mar sin? An té a throidean ar son céimeana agus comharthaí onóra, teadh sé anonn chun na Muscobhíteach.

12. Agus cad déarfá leis an muintir a bhíon ag ceisneamh, ghá rádh: Sin fear ar thaobih na láimhe deise. fear imeaglach, agus comhartha onóra air: sin fear eile ar thaobh na láimhe clé, fear gan feidhm, agus árd-chéim fachta aige? An amhlaidh a dheinean an dea-shaighdiúir féachaint ar dheis ná ar chlí agus é ag déanamh ar an namhaid? Ní fhéachan sé ar dheis ná ar chlí; téan se díreach ar aghaidh. Fear meatta an té fhéachan ar dheis ná ar chlí. Is leis an dtaoiseach a bhainean féachaint agus feiscint.

13. Agus cad déarfá leis an muintir a bhíon ag gluairean, ghá rádh: Do mealladh ar dtaoiseach i dtaobh na gcomharthaí onóra bhronnadh, mar árd-uighean sé céim na ndroch-dhaoine? Oir chíon gachéinne an locht a bhíon sa taoiseach ach ní fheicean se a dhea-thréithe; agus, ar an dtaobh eile den scéal, chíon duine a dhea-thréithe féin ach bíon se dall ar a dhroch-thréithe. Ach is minic is [ 69 ]riachtanaighe don náisiún an mhaith a bhíon sa taoiseach ná an mhaith a bhíon ionainn féin.

14. Ná fuil fhios agaibh gfur dhein Críost atá ina Dhia feallaire thogha mar dhuine den dá aspol déag? Mar sin de, má dheinean taoiseach, agus gan ann ach duine, cúigear atá go holc do thogha amach a’ dáréag chun oificí agns comharthaí bhronnadh orra, íá sé gan locht.

15. Agus imeasc na nAspol b’é Eoin an té ba mhó go raibh grádh ag Críost dó cé gurbh é ab óigre agus ná raibh aon oific fé leith aige: cé ná raibh sé ina fhear ionaid ar nós Pheadair, ná ceapuithe ina Aspol i gcóir na ngeinte ar nós Phóil, ná ina sparánuidhe ar nós Iúdáis.

16. Agus isé Eoin amháin a thargair sa Tesbeánadh na nithe bhí le teacht agus tugtar Fiolar air; ní fios cadí an chrích a rug é, agus is dó lena lán ná fuair sé bás in aon chor; agus ní deirtar san i dtaobh Aspoil ar bith eile.

17. Chíon sibh mar sin go dtéan seirbhis gan oific in oirdhearcas ó aois go haois.

XV.

1. Táthaci imeasc na gcoigríoch, mar bheadh daoine bheadh ag lorg aoidheana agus ag tabhairt cuire dhóibh teacht chun fleidhe na saoirse ina dtig.

2. Duine dícéillidhe dá raibh ann tráth, thug sé cuire do roinnt aoidheana, agus sé céad rud a dhein sé ná an chamra agnjs na háiteana salacha eile bhí ina thig do thespeáint dóibh i dtreo gur chuir sé déistean orra agus nár mhaith Jeo suidhe chun búird aige.

3. Ach an duine tuisgeanach, ní mar sin a dheinean sé é, ach na haoidheana thabhairt tré phóirse bhreá [ 70 ]ghlan godí seomra na fleidhe. Tá camra. i gcóir gachaon tsórt salachair i ngach tig ach tá sí i bhfolach ó shúilibh daoine.

4. Tá daoine ar bhur measc agus, nuair a labhraid siad le heachtrannaibh i dtaobh na hathardha, is ar an ni nách beacht ná fónta, i ndlithibih nó in institiúidíbh, a thráchtaid siad ar dtúis; tá daoine eile, ámh agus is ar an ní atá álúinn agus gur fiú é a fheiscint a thráchtid siad ar dtúis. Innsidh, dá bhrí sin, cé aca aca san na daoine ciallmhara agus cé aca aca na daoine gan chiall agus cé aca taobh aca go dtiocfidh leo na haoidheana chruinniú ina dtig?

5. Ná caithidh péarlaí chun na muc; ná tráchtaidh le gachaon stróinséir ar na nithe móra thug bhur náisiún chun críche chun leasa don domhan; óir, tá cuid desna stróinséaruithe agus ni chreidfid siad sibh agus ni thuigfidh an chuid eile godí go dtiocfid siad ar mhalairt aigne.

6. Bhí Críostuidhe áirithe ina chomhnuí in aice coille do cuireadh ina cúram air. Féachaint dá dtug sé thairis lá do chomaic sé an robalaidhe ag éaló as an gcoill i gan fhios agus ag déanamh anonn ar thig ósta ina raibh roinnt Giúdach ina gcomhnuí, chun iad do mharbhú agus do robáil. Do labhair an robáluidhe leis an maor coille: Tugam fútha in éineacht, ar seisean, agus roinnfimíd a gcreach eadrainn.

7. Bhí gunna ina láimh ag an maor agus, cé ná raibh ann ach mion-philéaracha i gcóir na mion-ean-laithe, chaith sé leis an robállaidhe agus do ghoin sé é; ach do goineadh é féin ní ba mheasa. Thosnuídar ansan ar bheith ag gabháil do dhóirnibh ar a chéile agus, taréis bheith ag troid ar feadih i bhfad, do leag [ 71 ]an robáluidhe an maor agus do ghabh sé do chosaibh ann agus do bhí sé marbh aige, dar leis. Ach toisc é bheith gonta agus é bheith ag taibhairt fola go tiugh níor fhéad sé an robáil a dhéanamh agiis do bhain sé amach an choill arís. Dála an mhaoir, do chuaidh sé de lámhcán godí an tig ósta ag lorg caibhrach.

8. Agus dubhairt sé leis na Giúdaíg: Táim taréis bheith ag troid le foghluidhe. Do choisceas agois do ghoineas é; ach an túisce na mbeidh a chréachta cneasuithe fillfe sé, agus mara dtaga sé anso arís, tiocfa sé ar Ghiúdaíge eile agus déanfa sé foghail orra. Eirighidh mar sin agus beiridh greim air agus ceangalaidh é; agus má tá eagla oraibh roimis ná deinidh ach cabhrú liomsa; fear maith láidir isea é ach tá sé tréith anois agus éireoidh linn.

9. Ach do chonaic na Giúdaíg óna dtig cad a thárla agus bhí’s aca go raibh an maor taréis iad a chosaint, ach bhí eagla orra go n-iarrfadh sé luacht saothair.

10. Mar sin de, do leigeadar orra go raibh iongna an domhain orra agus dfiarfuighdar de cá dtáinig sé agus cad a bhí uaidh. Thug na seandaoine arán agus uisce beatha dhó, agois bhi na leanbhai ag gol, le trua dhó mar dh’ea.

11. Agus dubhradar d’aon ghuth: Ni chreidimíd gur theastuig ón bhfogluidhe sinne a mharbhú; is minic a bhi sé anso cheana agus d’óladh sé roinnt uisce beatha agus ní dheineadh sé aon cheataighe dhúinn.

12. Má bhí sé anso cheana, arsan maor, is daoibh is measa, mar thug se súilfhéachaint ar an dtig agus ar na comhrannaibh, agus thug se fe ndeara Giúdaíg a bheith ina gcomhnuí sa tig, se sin, aicme chroidhe-lag

imeaglach. [ 72 ]


13. Ná tabhair tarcuisne dár gcine-na, arsa na Giúdaíg láithreach. Nách díobh san, nách dár gcine-na, an Dáibhid úd a dhein comhrac le Goliath, agus Samson, an fear ba threise ar bith.

14. Is duine mise, ars an maor, atá gan eolas ar na Scriptiúirí, ach amháin gur airigheas an sagart á rádh go raibh Dáibhid agus Samson marbh agus ná héireoidís go bráth arís. Féachaidh chugaibh mar sin.

15. Ní horainne atá lucht robála do ghlanadh amach as an gcoill, arsa na Giúdiaíg, ach ar an rialtas agus ar an lucht airm; imig agus abair san leo.

16. Nior iarr an giúistís orm sibh a chosaint, arsan maor, ná níor fhanas le lucht airm aoh is amhlaidh fhéadfinn cabhrú leis an bhfoghluidhe chun bhur gooda bhaint dibh nó fanúint tamall ina dhiaig agus mo bhéal d’éisteacht agus do roinnfadh sé bhur n-ollamhathas liom. Dféadfainn, leis, gan corruighe as mo thig féin in aon chor.

17. Tú féin a chosnais, arsa na Giúdaíg.

18. Ní mar sin atá in aon chor, arsan maor.

19. Is le hionchas go bhuighfá luacht saothair do chosnais sinn, arsa na Giúdaíg. Tá go maith, thugamair arán agus uisce beatha dhuit agus dféachamair chun do chneácha, agfus tabharfimíd coróinn duit ina theannta san.

20. Ni theastuighean aon díoluiacht uaim, arsan maor coille, agus i dtaobh an aráin agus an bhiotáille agus an leighis, an túisce na mbead sa bhaile cuirfad roinnt airgid ag triall oraibh.

21. Fé dheire dubhairt na Giúdaíg leis: Do chuais chun troda leis an bhfoghluidhe, ar siadsan, mar gur [ 73 ]fear achrannach tu, mar is eol dúinne. Ta dúil agut sa troid agus bíon tú ag fiach na n-ainmhithe insna coillte.

22. Dáma chun troda a raghainn amach, arsan maor, is fearr na hairm a bheadh agum; do thabharfinn liom piléaracha móra agus claidheamh; do raghainn amach ní ba thúisce nó ní ba dhéanaighe ná mar a dheineas; ach mar is eol daoibh do ghluaiseas amach díreach nuair a chonac an robáluidhe ag déanamh oraibh.

23. Tháinig iongna a gcroidhe ar na Giúdaíg ansan. Innis dúinn mar sin, ar siadsan, agus admhuig cad chuige gur dheinis mar a dheinis agus cad a chuir suas chuige thu, mar is ait an duine thu.

24. Sine an t-éinní amháin ná neosad daoibh, arsan maor, agus da n-innsinn, féin, ni thuigfadh sibh é mar ní mar a chéile in aon chor aigne an Ghiúdaig agus aigne an Chríostuidhe; ach dá n-iomipuigheadh sibh in bhur gCríostuithe do thuigfadh sibh go maith, uaibh féin, cad a bhí ar siúl agam agus níor ghá dhaoibh me cheistiú. Agus leis sin d’imigh sé uatha.

25. Ach, ag imeacht dó, bhi sé ag osnuíol le pian na créachta.

26 Agus dubhradar eatorra féin: E á mhaoidheamh gur fear é agus sin ag osnuíol anois é! Níl a chréachta ró-mhór; chun sceoin a chur in ár leanbhaí atá sé ag osnuíol mar sin.

27. Bhi ’s acu go raibh sé gonta go holc, ach thuigedar ina n-aigne nárbh aon rud fónta a bhi déanta acu agus ba mhaith leo a chur ina luighe orra féin ná raibh aon eagcóir déanta acu. Bhíodar ag labhairt

go hárd chun a gcoinsiais do chur chun suaimhnis. [ 74 ]


XVI.

1. Táthaoi ar an dtalamh iasachta, gan tearmann dlí agaibh, mar bheadh lucht taistil a thuitfadh isteach i bpoll i dtír anaithnid.

2. Lucht taistil a bhí taréis tuitím isteach i bpoll i gcóir machtírí agus bhí ar an lucht taistil sin tiarnaí agus seirbhísig agus eoluidhe.

3. Agus nuair a chonacadar go rabhdar in íochtar an phuill, do bhreithnighdar cadé an doimhneas a bhí ann agus, gan focal do rádh, bhíodar ar aon aigne i dtaobh cad ba cheart dóibh a dhéanamh.

4. Agus do chuiredar ina sheasamh in íochtar an phuill an té ba mhó agus ba láidire orra, agus do chuaidh an tarna fear anáirde ar a ghuaillibh sin, aafus do chuaidh an tríomhadh fear anáirde ar ghuaillibh an tarna fir, agus do chuaidh an t-eoluidhe anáirde ar ghuaillibh an tríomhadh fir.

5. Ag déanamh an dréimire ar an gcuma san dóibh ba chuma leo cé ba thiarna agus cé ba sheirbhíseach ach iad á n-ionadú féin, uatha féin, do réir neart agus leithead a ngualann.

6. Do mheasadar fós guirbh fhearr an t-eoluidbe bheith ar an té ab uachtaraighe agus ar an té ba thúisce a cuirfí amach as an bpoll; mar b’é ba mhó eolas ar na bóithre agnas ar na háiteana mórthimpall agus ba thúisce a sholáthróch cabhair dóibh.

7. Ach taréis imeacht don eoluidhe dfanadar ina dtost tamalll, ag ithe an bhídh a bhí ina málaíbh acu, ghá roinnt ar chách do réir méid a ocrais.

8. Cheap cuid acu gur bhaolach ná tiocfadh an t-eoluidhe tharnais, ach dfanadar gan éinní do rádh, sara gcuirfidis mí-mhisneach ar an gcuid eile; níor [ 75 ]dheinedar ach machtnamh ina n-aigne, á rádh leo féin: Má dheinean sé feall orainn beidh uain ár ndóthin againn ar ár gcás do chaoine.

9. Níorbh fhada go dtáinig an t-eoluidhe tharnais agus gasra lena chois aige; do tharaing sé aníos an lucht taistil agus do thionlaic sé godí an sráid-bhaile iad.

10. Do scaradar lena chéile ina dhiaig sin gan éinní do rádh. Dubhradar an lucht taistil ina n-aigne féin, ámh: Amadán an t-eolaidhe sin, ach ó thárla nách íe haon droch-intinn a chuaidh sé amú ach trí easba céille, agus ó thárla fós go raibh eagla mór air féin, scaoilimís uainn i síocháin é; is fearr an togha a dhéanfimíd an chéad uair eile.

11. Ach sé rud adubhairt an t-eoluidhe ina aigne féin ná: Do chuas amú agus ba ró-dhóbair dosna daoine macánta san an bás a bheith acu; ní bhainfad le heolas a dhéanamh do dhuine ar bith arís.

12. O thuitim an lucht taistil sin sa pholl godí n-a bhfuascailt ní raibh aon chaint ar siúl acu.

13. An bhliain ina dhiaig- sin do thuit lucht taistil eile agus eoluidhe eile isteach sa pholl chéadna san agus do chuiredar rómpa iad féin dfuascailt ar an gcuma gcéadna.

14. Ach d’éirig argóint eatorra i dtaobh cé bheadh in iochtar acu, mar níor theastuig ósna tíarnaíbh a ngiollaí d’iompar ar a nguaillibh agus bhí eagla ar na giollaí go dtréigfadh na tiarnaí iad an túisce na mbeidís lastuas.

15. Agus bhí eagla orra go léir an t-eoluidhe do leigint uatha, mar nuair a bhíodar i bhfeirg leis mar gheall ar an mbotún a dhein sé thugadar tarcuisne dhó [ 76 ]agus do ghabhdar air; agus chuiredar fhiachaint air na mionna dubha thabhairt go bhfillfadh sé.

16. An túisce na dtáinig sé amach do dhein sé machtnamh dó féin agus as an machtnamh san dubhairt sé leis féin: Droch-dhaoine iad san agus tá feall acu á bheartú am choinnibh; agus ó ná fuil iontaoibh acu asam fágfad sa pholl iad. Agus d’imigh sé leis abhaile.

17. Agus bhí an lucht taistil sin ansan ar feadh roinnt laethanta agus an t-ocras ag cur orra go dian. godí gur thárla do roinnt daoine teacht an treo san agus iad do tharang aníos.

18. Ar éigin a bhí cead a gcos acu nuair ba mhaith le cuid aca dul ar aghaidh agus le cuid eile an t-eoluidhe fealltach do chuardach agus dioltas d’agairt air. D’éirig eatorra mar sin agus do scaradar lena chéile.

19. D’imig an chuid aca ba mhó fearg agus ag imeacht dóibh bhiodar ag tabhairt na mionn agus ag bagairt díoltais ar an eoluidhe; agus in aindeoin a gcuid achuingheacha ní bhfuaradar éinne dhéanfadh eolas dóibh, ar ór ná ar airgead.

20. Maidir leis an eolaidhe fealltach, do dhearbhuigh sé go hárd nárbh air a bhí an locht mar gur uatha féin a chuaidh an lucht taistil amú; agus, chun a thespáint go raibh eolas na mbóthar go maith aige do ghaibh sé air féin eolas a dhéanamh do dhaoine eile. Agus do ráinig gur dhein sé an tubaiste arís.

21. Agus níor stad an mhuintir sin ach ag déanamh aighnis ón uair a thuitedar isteach sa pholl godí go dtánadar as.

XVII.

1. Mar a bhí Pobal Dé san uaigneas gainmhe, sin [ 77 ]mar atáthaoi-se ar bhur n-oilithreacht ar an dtalamh iasachta.

2. Ar an oilithreacht daoibh, seachnaidh agus ná bídh ag gearán ná ag gluaireán ná ar uireasa creidimh, óir is peacaí na nithe sin.

3. Is eol daoibh, nuair a bhí Pobal Dé ag teacht tharnais go tír a sinsear, godí an Tír Bheannuithe, go rabhdar ar oilithreacht san uaigneas, agus go dtáinig tuirse chroidhe ar a lán aca, agus go ndubhradar: Téimís tharnais go hEigipt. Beimíd i dtír na daoirse ansan ach beidh flúirse feola agus inniún againn ann.

4. Agus deir an Scríbhinn Diadha gur ghlac Dia fearg chucha agus gur chuir sé oilithreacht an náisiúin i bhfaid, godí go raibh an uile dhuine de lucht an ghluaireáin marbh san uaigneas; óir ní raibh tuillte ag éinne aca an Tír Bheannuithe dfeiscint.

5. Is eol daoibh go raibh daoine ar Phobal Dé gan creideamh aca ina bhfáigíbh agus go ndubhradar: Ach conus a bhainfimíd amach talamh ár n-aithreacha agus ríthe comhachtacha agus cineacha mar chineacha na bhfathach in ár gcoinnibh.

6. Agus deir an Scríbhinn Diadha go raibh fearg ar Dhia mar gheall ar a n-easba creidimh agus gur chuir sé oilithreacht an náisiúin i bhfaid arís, godí go raibh an uile dhuine de lucht an amhruis marbh san uaigneas; óir ní raibh i ndán d’éinne aca an Tír Bheannuithe dfeiscint.

7. Agus do cailleadh ar an gcuma san ní hamháin lucht gluaireáin agus amhrais a dhéanamh go hárd ach fós an mhuintír a choimeád an gluaireán agus an easba creidimh istig ina gcroidhe; óir léan Dia an croidhe mar a léfadh duine leabhar ar oscailt, bíodh

gur leabhar dúnta do shúilibh daoine é. [ 78 ]


8. Staonaidh dá bhrí sin ó pheaca an ghluaireáin agus an amhrais ionnus ná cuirfar laethanta bhur n-oilithreachta i bhfaid.

9. Agus díreach mar a bhí lucht plaighe i longphort an Phobail Toghtha, daoine go raibh lobhra orra no claimhe, táid lucht pláighe ar bhur measc-sa, leis, sé sin le rádh, droch-Pholannaig. Fanaidh amach uatha, mar ta a ngalar níos tógálaighe ná an lobhra! Sidiad comharthaí an ghalair sin:

10. Ní chreidean an lobhar in aiséirghe na Polainne bíodh go mbéidir gur dhein sé comhrac ar a son agus go bhfuil sé ar oilithreacht ar a son. Agus nochtan sé a ghalar le caint den tsórt so: Bhi ’s agam ná raibh san éirghe amach ach dícéille, ach do throideas go calma ar son cúis an éirithe amach mar a dhéanfadh dea-shaighdiúir; tá’s agam nách féidir an Pholann dfuascailt, ach fanfad ar an oilithreacht mar a dheanfadh fear onóra.

11. Chó luath is chloisfir a lithéid sin de chaint, dún do chluasa agus imig, agus innis dosna Sinsearaibh é; agus más breitheamh an lobhar cuirfid siad as a shuidhchán breitheamhntais é, agus bainfid siad an czamara dhe agus déarfid siad leis machtnamh a dhéanamh ina thig féin ar feadh roinnt laethanta.

12. Agus i gceann na laethanta san féachfid siad a bhfuil se ieighiste agus creideamh agus grásta arís aige: agus má tá sé leighiste agus go bhfuil a pheaca tréigthe aige, fógróid siad glan ón lobhra é agus leigfar isteach i gcumann na nOilithreach aris é.

13. Ach maran slán fós dó agus go bhfuil an chaint chéadna ar siúl aige, cuirfid na Sinsir comhartha air, ghá fhógairt go bhfuil sé nea-ghlan. Agus caithfidh [ 79 ]gachéinne coimeád as a radharc agus a’ raon foghair a ghotha; óir ní dea-shaighdiúuir ná fear onóra é ach baothaire agus cuirptheach.

14. Agus má chuaidh sé i bhfriothghuin an chatha, féin, do chuadar súd i bhfriothghuin an chatha, leis: an capall go ndeachaidh an Krakus anáirde ar a mhuin agus go raibh na spuir á dtabhairt do, agus an capall a bhí gofa fén ngunna mór agus a comáineadh ar aghaidh leis an bhfuip. An amhlaidh atá sé dleathach dea-shaighdiuir a thabhairt ar chapall?

15. Agus má deir an lobhar gur throid sé thar ceann onóra, deir an t-oifigeach Moscobhíteach, leis, go dtroidean sé thar ceann onóra; agus an tIodáileach a ropan a mheadóg tré n-a namhaid mar dhíoltas air, deir seisean, leis, gro ndeinean sé a chuid onóra do dhíogailt; ach cad a chialuigean an bhaoth-onóir íodhal-adharthach san?

16. Go deimhin, adeirim libh, an saighdiúir a dheinean troid, gan creideamh aige i gceart a chúise, níl ann ach beithíoch allta, agus an taoiseach a sheolan a bhuidhean chun catha, gan creideamh ina chúis aige, fogfhluidhe isea é.

17. Troidean an lobhar ar láthir an chatha agus marbhuighean sé dhá namhaid. Nuair fhillean sé ar a chábán cuirean sé na saighdiúirí ar a n-aimhleas agus imirean sé bás anama ar dheichniúr acu.

18. Ta sé ar nós an té a théan chun an teampaill agus a leigean é féin ar a ghluinibh, agus a thagan a bhaile ansan chun magaidh a dhéanamh fé Dhia agus fén gcreideamh i láthir a chlainne.

19. Agus má deir se ná fuil iompar agus gníomh ar aon dul le smaoineamh agus le briathar, ní shaoran [ 80 ]san é; óir is féidir peaca mór a dhéanamh i gcoinnibh na hathardha le bríathar agus le smaoineamh, agus ní raghaidh aon pheaca desna peacaíbh sin gan díol as.

20. Siniad na slithe ina gcuirfe sibh i gcoinnibh na lobhar ar an oilithreacbt Pholannach.

XVIII.

1. Táthaoi i lár na n-eachtrannach mar a bhí na haspoil i lár lucht na n-íodhal d’adhradh.

2. Ná glacaidh fearg chun lucht na n-íodhal; buailidh-se leis an mbriathar iad agus buailfid daoine eile leis an gclaidheamh iad. ’Siad daoine bhuailfidh iad ná na Giúdaíg nó lucht an tseannreachta ’na bhfuil urruim aca dArdchomhacht an Phobail agus do Chó-ionannus agus don tSaoirse. Tá fuath aca do lucht na n-íodhal, ach níl aon ghradh aca don chomhursain, agus do cuireadh iad chun íodhal-adharthacha Chanaan do dhísciú.

3. Agus réabfid siad na híodhail agus tabharfid siad breith ar lucht na n-íodhal do réir dhli Mhaoise agus Iosua agus Robespierre agus Saint-Juste, ghá ndísciú, ón naoidhean ar cích godí an seanóir, ón mbeithíoch mór godí an gadhairín; óir, má tá a nDia, ar a dtugtar Ardchomhacht an Phobail, má tá sé ceart tá sé borb agus mar bheadh teine chraosach.

4. D’ éirig Críost agus a dhlí imeasc na nGiúdach, in a bpríomh-chathair, agus sin mar éireoidh bhur ndlí-se, dlí nua na híbeartha dhéanamh de dhuine féin, dlí an ghrádha, i bpríomh-chathracha na saor-Eorpach.

5. Oir is cosúil Sasana agus an Fhrainc le hIsrael agus le Iúda. Dá bhrí sin, má chloisean sibh na Liberálaig ag aighneas i dtaobh dhá thigh feise, nó [ 81 ]i dtaobh tigh feise do thiarnaíbh, nó i dtaobh tigh feise do theachtairíbh toghtha, nó i dtaobh modh an toghtha, nó i dtaobh lucht pinsin an rí, nó i dtaobh saoirse na bpáípéar nuachta, ná deinidh iongna dá n-eagna: isí eagna an tseannreachta an eagna san.

6. Fairisínig agus Saducínig isea an mhuintir a bhíon ag díospóireacht ar an dTref agus ar an gKocher, ar ghlan agus ar nea-ghlan, agus ná tuigean cad a bhainean le grádh do thabhairt don fhírinne agus le bás dfáil ar a son.

7. Nuair a chloisfid siad sibh ag labhairt ar Dhia agus ar Shaoirse taréis teacht adtuaidh dóibh, éireoid siad ar buile agus árdóid siad a nglór fé mar a dheinedar na hollamhain i gcoinnibh Chríost nuair acubhradar: Cá dtáinig an méid sin eolais chun mic an tsiúinéara? Agus conus is féidir fáidh a theacht a’ Nasaret? Agus conus a leomhan sé sinne do mhúine, sinne, na sean-ollamhain?

8. Agus nuair a labharfid siad ar bhur gcoga chun slánuithe na náisiún, ni shéanfid siad in aon chor gur dheiniúir go maith, ach déarfid siad ná raibh an t-am oireamhnach, fé mar a dheinedar na hollamhain nuair a chasadar le Críost gur leomhaig sé daoine do leigheas lá na sabóide, ghá rádh: Bhfuil sé ceaduithe leigheas do dhéanamh ar an sabóid? Bhfuil sé ceaduithe coga do chur ar an Rúis in am síochána na hEorpa?

9. Ma thugaid siad déirc do bhaintreachaibh agus do dhílleachtaíbh na Saoirse, do bhaintreachaibh agus do dhílleachtaíbh na Spáinneach agus na bPortuingeulach agus na nIodáileach agus na bPolannach, tugaid siad uatha é le mórán gleo insna có-thionólaibh, mar

a dheinidís na Fairisínig. [ 82 ]


10. Agus má thugaid siad éinní dá n-athardha féin bíd siad ag diospóireacht féachaint an mór ba cheart dóibh a thabhairt uatha do réir dhlí.

11. Ach tá a mhalairt de dhlí agaibhse, óir deirth-se: Leis an athardha an uile ní is linne, agus leis na saor-aicmíbh an uile ní is leis an athardha.

12. Deirid na Sasanaig, a ghrádhan an tSaoirse do réir an tseannreachta: Bainimís an fharaige den Fhrainc arís, mar a bhain Israel na cathracha dIuda; agus deirid Francaig an tseannreachta: Bainimís bruacha na Ríne den Ghearmáin arís; agus deirid na Gearmáinig: Bainimís-na bruacha na Ríne den Fhranc; agus mar sin dóibh sa timpal. Siné cúis go n-abraim libh go bhfuilid siad gan chiall agus go bhfuil galar an íodhal-adhartha orra, adhradh Bhaal agus Mholoch agus Chó-thruime.

13. Oir, na cuanta agus na faraigí agus na mórthiortha isiad oighreacht na saor-aicmí iad. A dtroidean an Lítuáineach leis an bPolannach mar gheall ar theorainn Niémen nó mar gheall ar Ghrodno nó mar gheall ar Bhialystok? Siné cúis na n-abraim libh gur chóir don Fhrancach agus don Ghearmáineach agus don Mhoscobhíteach bheith ar nós an Pholannaig agus an Lítuáinig.

14. Tháinig fear fiain, tráth, in éineacht lena mhnaoi agus lena chlainn, go tigh tréigthe. Nuair a chonaic sé na fuinneoga dubhairt sé: Beidh mo bhean ag féachaint amach tríd an bhfuinneoig sin agus mise a féachaint amach tríd an bhfuinneoig seo agus beidh an tríomhadh fuinneog ag am mhac. Dheinedar amhlaidh agus, nuair a bhíodar ag fágáil na bhfuinneog, do dhein gach duine aca a fhuinneog fein do dhúnadh [ 83 ]suas, mar a dheunfadh duine fiain ar bith, i dtreo ná beadh ag an gcuid eile an solus ba leis féin. Ach ní raibh fuinneog ar bith ag an gcuid eile den líntighe.

15. Agus dubhairt an fear allta: Agam féin amháin a bheidh teas na teine seo—mar ni raibh ann ach aon teinteán amháin—deineadh gachéinne eile teine chur síos dó fein, Agus dubhairt sé ar ball: Deinimís dorus insna fallaí do gach duine. Agus do loitedar an tig ar an gcuma san, agus ba mhinic iad ag troid mar gheall ar an solus, agus mar gheall ar an dteas, ag^us mar gheall ar theorantaibh na seomraí.

16. Siné an rud a dheinid náisiúin na hEorpa: Bíon formad aca lena chéile mar gheall ar cheannuiacht na leabhar agus mar gheall ar cheannuiacht an fhiona agus an chadáis, agus nách fios dóibh gur le haon tig amháin, leis na saor-aicmíbh, gach léann agus gach saibhreas.

XIX.

1. Tá cuid agaibh a bhíon ag caint ar uaisleacht agus ar choitiantacht agus ar nithibh eile bhainean leis an seannreacht; tá siad-san ag dul amú ar nós na gcéad-Chríostuithe a bhíodh ag caint ar thimpal-ghearradh agus ar nighe lámh.

2. Ni thríd an seannreacht a slánófar na náisiúin ach tré mhór-luacht an Náisiúin Chéasta, agus baistfar in ainm Dé agus na Saoirse iad. Agus an té a baistear ar an gcuma san is bráthair daoibh é.

3. Ná deinidh oiread diospóireachta ar na dlithibh. Is oibligáidí na dlithe agfus is lucht iasachtaí do ghlacadh na rialtaisí agus estáit isea an Athardha. Dá mhéid saint agus gliocas an té a gheibhean iasacht isea is daingne ceangailtear e; ach bíon iontaibh againn [ 84 ]as athair agus as bráthair gan aon urrús do chur orra.

4. Bídh macánta, da bhrí sin, mar a bhí na hAspoil, agus beidh iontaoibh ag na náisiúin asaibh, agus an ní a chuirfe sibh ar bun, be sé ina dhlí ní hamháin daoibhse ach do gach saor-aicme chó maith.

5. Ná deinidh oiread aighnis i dtaobh cadé an saghas rialtais a bheidh agaibh sa Pholainn. Na rialtaisí bhíon ag aighneas ní hiad san is fearr ach iad súd is láine den spiorad úd na híbeartha agus is láidre mhothuighean ina gcroidhe é.

6. Dílleachtuithe áirithe a bhí ag lorg oide chun tabhairt suas do chur orra agus chun aireachais a thabhairt dá gcuid, do luighdar súil ar chomhursain a bhí go maith chun bainistighe ach a bhí ró-shanntach, fear go raibh mórán airgid cnósta aige. Bhí sé amuich air gurbh fhear gasta é ach ná cuireadh se suim ach ann féin amháin, agus dá bhrí sin dubhairt na dílleachtulthe: Ní hé a lithéid sin a theastuighean uainn mar do dhéanfadh sé saibhreas dó féin as ár gcuid-na.

7. Agus dféachadar chun comhursan cile go raibh leabhair scríbhte aige ar bhainistighe ach ná raibh aon rath ar a ghnó féin. Ni hé a lithéid sin a theastuighean uainn, arsa na dílleachtuithe, mar bheadh sé ag baint trialacha as ár gcuidna.

8. Ach d’airíghdar trácht ar fhear bhocht do chaill mórán ag cosnamh cúis na mbaintreach agus na ndílleachtuithe, agus dubhradar: Déanfa sé sin an gnó.

9. An rialtas a thiocfidh, be sé cúmtha ar chuma na hóráide a labhran duine den Chomhairle.

10. Ag dul isteach sa Chomhairle náisiúnta don fhear chliste machtnuighean se ar conus a óráid a leagadh amach, machtnuighean sé ar cad a chuirfe sé [ 85 ]i dtosach agus i lár baili agus sa deire; óir is mar sin a múineadh dó é ar scoil; ach toisc gan a chroidhe bheith sa chúis náisiúnta, bíodh go mbeidh a chomhrádh leagtha amach go healadhnta, be sé gan éifeacht; imeo sé agus ní bheidh cuimhne air.

11. Ach an fear ionraic, ag dul isteach sa Chomhairle dhó, bíon a chroidhe lán de ghrádh don athardha; mothuighean sé fírinne an ní a bhíon aige le rádh agus labhran sé gan cuimhneamh ar órdú a chainte, ach ina dhiadh san bíon an chaint dea-órduithe agus cuirid na luath-scríneoirí síos í mar shompla do dhaoine eile, agus bíon iongna air féin gur labhair sé chó ciallmhar.

12. Is mar sin a dhéanfid na reachtairí, lán de ghrádh don athardha, suidhcháin bhreitheamhntais do chur ar bun sa tír, do réir riachtanaisí na tíre, agus rialófar an tír go maith; molfid náisiúin eile an rialú san agus déanfid siad aithris air.

13. An Républic atá agaibhse le cur ar bun is cosúil é leis an gcoill a chuirfadh fear tuatha.

14. Má chuirean an fear tuatha síol maith in ithir mhaith, ní miste dhó deimhin a dhéanamh de go dtiocfid na crainn agus ní gá dhó bheith ag cuimhneamh ar cadé an crot a bheidh orra ná eagla bheith air go mbeidh deilgne ar na crannaibh daraighe ná duilliúr ar na crannaibh giumhaise.

15. Uime sin cuiridh grádh na hathardha agus spiorad na híbeartha agus deinidh deimhin de go bhfásfidh Républic mór áluinn asta.

XX.

I. Do thuit bean i bhfanntais lá agus do chuir a

mac fios ar na dochtúirí. [ 86 ]


2. Thánadar san agus dubhradar: Toibh amach duine againn chun aireachais a dhéanamh uirri.

3. Deunfadsa ar mhodh an Bhrúnaig é, arsa duine acú. Níl aon mhaith sa mhodh san, arsa cách, Bfearr dhi fanúint sa bhfanntais agus bás dfáil ná cóir an Bhrúnaig do thriáil uirri.

4. Déanfadsa í leigheas ar shlí Hanneman, arsan tarna duine. Slí gan mhaith an tslí sin, arsa cách, Bfearr dhi bás dfáil ná slí Hanneman do thriáil uirri.

5. Is cuma liom conus a dhéanfa sibh é ach í leigheas, arsan mac. Ach níor fhéad na dochtúirí teacht ar aon aigne; ni ghéillfidís dá cheile in aon chor.

6. Ansan do ghlaoidh an mac, le corp dóláis agus éadóchais; O, a mháthair! Agus le guth an mhic tháinig sí chúichi féin láithreach agus bhí sí ar láimh shábhála. Do díbreadh na dochtúirí.

7. Tá daoine agaibh adeir: Fanadh an athardha fé dhaoirse níos túisce ná a haiséirghe do theacht tríd na huaisle; agus tá daoine eile adeir: Fanadh sí mar sin níos túisce ná a haiséirghe do theacht tríd an gcoitiantacht; agus tá daoine eile fós adeir: Fanadh sí mar sin níos túisce ná na teoranta so nó na teoranta úd do bheith aici. Ní clann mhac iad san. Dochtúirí iad go léir agus nil aon ghrádh aca dá máthair, don athardha.

8. Deirim libh go deimhin: Ná fiarfuighidh cadé an rialtas a bheidh sa Pholainn agaibh; cá beag daoibh a fhios a bheith agaibh go mbe sé níos fearr ná iad súd uile is eol daoibh; ná bíodh aon cheist oraibh i dtaobh na dteorann, mar beid siad níos sia amach ná bhiodar aon uair riamh.

9. In anam an uile dhuine agaibh tá síol na ndlithe [ 87 ]atá le teacht agus tomhas na dteorann a bheidh ann.

10. Dá mhéid a chuirfe sibh bhur n-anam i bhfeabhas agus i méid isea is mó an feabhas a bheidh ar bhur ndlithibh agaibh agus is sia amach a bheidh bhur dteoranta agaibh.

XXI.

1. Is eol daoibh cad deir na Giúdaíg agus na Cigáinig agus an mhuintir go mbíon aigne an Ghiúdaig agus an Chigáinig acu: An áit ina mbítar go maith as, is ann atá an Athardha. Ach is amhlaidh adeir an Polannach leis na náisiúin: An áit ina mbítar go haindis, is ann atá an Athardha; óir, aon áit san Eoraip ina mbíon an tSaoirse fé leattrom agus ina ndéantar comhrac ar a son, is ann a déantar comhrac ar son na hAthardha, agus ba chóir do chách dul ag troid ann.

2. Deirtí leis na náisiúin anallód: Na cuiridh uaibh bhur n-airm chosanta fáid a bheidh fód dbhur bhfearann fén namhaid; agus deir sibhse leis na náisiúin: Ná cuiridh uaibh bhur n-airm chosanta faid a bheidh fód de thalamh na saoirse fé annsmacht.

3. Óir cosnan an Francach agus an Sasanach agus an Gearmáineach a sealbhas agus is fuath leo a namhaid. Ach mar sin féin nuair a ghabhaid siad amach imeasc na bpobal ni thagaid na daoine amach ina gcoinnibh ag cantainn doibh.

4. Ach tiocfid siad in bhur gcoinnibh-se ag déanamh áthis agus ag cantainn bhur n-amhrán daoibh; óir tuigfid siad ina gcroidhe gur ar son Saoirse an domhain a dheinean sibh troid.

5. Dá bhrí sin deirim libh le fírinne, muna mbeidh bhur meas ar an Saoirse agus bhur ndílse dhi níos [ 88 ]iomláine ná meas agus dílse na bhFrancach agus na nGearmáineach agus na Sasanach, ná ragha sibh isteach in bhur nAthardha arís.

6. Dubhairt Críost le pobal tofa Dé: Tusa, a phobal Abrahaim, mara leana tú mé, diúltóidh Dia dod shliocht, agus déanfa sé clann mhac dAbraham desna clochaibh féin; agus cialluighean san go ndéanfadh sé Críostuithe desna Gréagaibh agus desna Rómhánachaibh.

7. Deir an Polannach leis na Francaig agus leis na Sasanaig: Sibhse, a chlann na Saoirse, mara leana sibh me, diúltóidh Dia dbur sliocht, agxis déanfa sé lucht cosanta don tSaoirse desna Moscobhítig agus de mhuintir na hAisia.

8. An té ná freagróidh glaoch na Saoirse, díbreofar a’ radharc na Saoirse é.

9. Banríoghain a bhí ann, tráth, do chuir sí saighdiúir i gceannus a sló agus dubhairt sí leis: Ma bheirean tú bua ar mo namhdibh go léir bhéarfad duit leath mo ríochta, agus bead féin am mhnaoi agut.

10. Agus chuaidh sé chun cogaidh, i gceann na sló, in ainm na banríona, agus do bhuaidh sé ar a namhaid agus do tháinig sé chun gradaim agus comhachta.

11. Agus dubhairt sé leis an mbanríoghain: Tá an t-am ann, a ríogan, chun sinn a phósadh agus chun me dhul i réim gan cosnamh. Ach dubhairt sise: Nil an t-am ann fós, mar níl mo namhde go léir treascartha fós agat.

12. Agus dubhairt an ri féinne agus fearg air: Feuch, táim ag dul in aois agus i raimhre agus tá orm bheith i gcomhnuí ag déanamh cogaidh do mhnaoi; is fearr dhom cur fúm ar mo thalamh féin agus mo [ 89 ]shuaimhneas do ghlacadh. Agus do dhein sé amhlaid agfus dfág sé an chríoch gan cosnamh. Agus do chruinnig an namhaid cúnamh agus tháinig sé isteach ar thalamh an rí féinne agus do dhírigh sé ar bheith ghá argain.

13. Agus d’éirigh an rí féinne agus do chuaidh sé ag triall ar na daoine agus bhí sé ag glaoch: Glacaidh bhur n-airm! Leanaidh me chun mo chuid tailimh do chosaint mar a leanúir me fadó agus a bhíodh an bua againn.

14. Ach dubhradar san: Agus cé hé thusa, a bhriolláin, go ndéanfímís tu leanúint agus do chuid tailimh do chosaint duit? Do leanamair tu fadó nuair a ghlaodhais orainn in ainm na banríona ach ní ri féinne anois tu. Níl ionat ach duine mar chách. Agus do dhiúltuigfhdar dó.

15. Oir bhí an bhanríoghain taréis saighdiúir eile thogha amach cheana féin. Dhein rí féinne den tsaighdiúir sin, agus bhíthas umhal dó, agus do rug sé bua.

16. Agus isí an tSaoirse an bhanríoghain sin agus isí an Fhrainc ba rí féinne aici.

XXII.

1. Ar an oilithreacht daoibh nuair a thiocfa sibh isteach i gcathir, beannuighidh don chathir sin agus abraidh: Ar Saoirse go raibh agaibh. Má ghlacaid siad sibh agus éisteacht libh beid siad saor; ach má bhíon droch-mheas acu oraibh agus ná héistfid siad libh agus go gcomáinfid siad chun siúil sibh, fillfidh bhur mbeannacht oraibh féin.

2. Agus nuair fhágfa sibh an chathir nó an tír ina [ 90 ]bhfuil an mhallathacht agus an daoirse agais lucht na n-oifigí in uachtar ann, crothidh an ceo dbur mbrógaibh, agus deirim libh le fírinne, is saoire bhí an scéal ag Toulon nó ag Nantes nó ag Lyons i laethibh na Có-dhála ná mar a bheidh ag an gcathir sin i laethibh Có-chumann na hEorpa.

3. Oir, nuair a bheidh an tSaoirse ina suidhe í bpríomh-chathir an domhain isea thabharfa sí breith ar na náisiúnaibh.

4. Agus déarfa si leis an gcead náisiún: Féach, thugadar foghluithe fúm, agus do ghlaodhas ortsa, a náisiúin, chun blúire iarainn agus lán doirn de phúdar do shíneadh chugam chun me féin do chosaint, agus thugais dom tráchtas i bpápéar nuachta. Agus déarfidh an náisiún i bhfreagairt: Cathin a ghlaodhais orm? Agus freagróidh an tSaoirse, á rádh: Do ghlaodhas ort tre bhéal na n-oilithreach so, agus níor thugais cluas dom; imig, dá bhrí sin, chun daoirse, mar a mbeidh feaduíol na sciúirse, agus fuaim na bhfógraí ndian agus iad ag bualadh ar a chéile.

5. Agus labharfidh an t-Saoirse leis an dara náisiún mar seo: Bhíos i nguais agus d’iarras cúnamh ort, agus tearmann do dhlithe, agus níor dheinis ach reachtaí do stealladh liom. Agus freagróidh an náisiún agus déarfidh: A ríogan, cathin a tháinís chugam? Agus freagróidh an tSaoirse: Thánag chugat i riocht na n-oilithreach so, agus thugais tarcuisne dhom; imig, dá bhrí sin, chun daoirse, mar a mbeidh feaduíol na sciúirse, agus fothram na bhfógrai ndian agus iad ag bualadh ar a chéile.

6. Le firinne adeirim libh go mbeidh bhur n-oilithreacht

ina ceap tuisle dosna Comhachtaibh. [ 91 ]


7. Do chaithedar na Comhachta uatha an chloch a bhí agaibhse i gcóir foirgnimh na hEorpa, agus féach, déanfidh den chloich sin cloch chúinne agus cloch eochrach dfoirgneamh na haimsire atá le teacht, agus an té ar a dtuitfidh an chloch meilfar é, agus an té a bhuailfidh ina coinnibh, tuitfe sé ar lár.

8. Agus ní fhanfidh cloch ar muin chloiche de thigh mhór polaitíochta na hEorpa.

9. Oir, aistreofar suíchán na Saoirse.

10. A Ierúsalem, a chuirean chun báis na daoine a labhran ar shaoirse, cuirean tú chun báis do chuid fáigí; agus an pobal a chuirean a gcuid fáigí chun báis, buailid siad buille sa chroidhe orra féin, mar a dhéanfadh fear buile nó fear a thabharfadh anchor air féin.

11. Tiocfidh leattrom mór ar Iúda agus ar Israel.

XXIII.

1. A rialtóirí na Fraince agus a lucht teagaisc na Fraince, a bhíon ag caint ar Shaoirse agus a dheinean fónamh don tíorántacht, caithfar sibh isteach idir bhur náisiún agus an tíorántacht iasachta fé mar a caittear an barra fuar-iarainn isteach idir an inneoin agus an t-órd.

2. Agus be sibh dbur mbualadh agus an dríodar agus na spréacha a bainfar asaibh léimfid siad go críochaibh an domhain, agus déarfid na náisiúin: Dar fia ach gur geall le bualadh i gceártain ifrinn an mór-bhualadh atá ar siúl ansan.

3. Agus screadfa sibh ar an órd, sé sin, bhur náisiún: A náisiúin, maith dhúinn agus stad den bhualadh, óir do dheineamair trácht ar Shaoirse. Agus [ 92 ]déarfidh an t-órd: Bfada ó chéile gníomh agus caint agaibh. Agus beidh tuille fuinnimh leis an órd ag teacht anuas ar an mbarra arís dó.

4. Agus screadfa sibh ar an dtíorántacht iasachta, sé sin, ar an inneoin bhodhair, agus déarfa sibh: A thíorántacht, do dheineamair seirbhís duit, bain det chruadas; bí ar oscailt, go dtéimíd i bhfolach ar an órd. Agus déarfidh an tíorántacht: Bfada ó chéile gníomh agus caint agaibh. Agus iompó sé drom fuar cruaidh libh, agus beidh an barra dá bhualadh agus dá ath-bhualadh go mbe sé thar aithint.

5. A rialtóirí Shasana agus a lucht teagaisc Shasana, bíon sibh lán d’uabhar mar gheall ar an mbunadh dár díobh sibh agus deirthí: Tiarna ab ea mo shean-athir agus rí ab ea mo shin-sean-athir. Dá bhrí sin bíodh caradas agus muintearthas againn lenár gcomhursain, ríthe agus tiarnaí na hEorpa. Ach féach tiocfidh an lá ’na screadfa sibh ar bhur náisiún: Comaraighe ar n-anama ort! Oir, ní raibh rí ná tiarna ná fiu amháin esquíre ar ár gcine riamh.

6. Agus sibhse, a cheannuithe agus a shiopadóirí an dá náisiún, atá lán de dhúil san ór agus sa phápéar a thugan ór isteach chugaibh, do chuiriúir amach bhur gcuid chun na Saoirse do bhrúth fé chois, ach tiocfidh an lá agus lighfe sibh agus cognó sibh pápéar agus ni chuirfidh éinne arán ná uisce ag triall oraibh.

7. Do chualúir trácht ar aimsearaibh gorta a bhí chó cruaidh sin gur ithedar máithreacha a leanbhaí féin; ach is scanrúil an t-ocras a bheidh oraibhse: deirim libh go mbainfe sibh na cluasa dhíbh fein agus bhur gcomhursanaibh agus go ndéanfa sibh iad de bheirbhiú agus d’ithe. Oir, dáltha na gcuirptheach,

tá tuillte agaibh gan cluasa bheith oraibh. [ 93 ]


XXIV

1. Siniad Leabhar an Náisiúin Pholannaig agus Leabhar na nOilithreach bPolannach, leabhair nár ceapadh, ach a cnósadh a’ leabhraibh seanchuis na Polainne, agus a’ scríbhinníbh, agus ó bhéal-oideas, agus ó theagosc Polannacha a bhí diadha agus dílis don athardha, idir mhartair agus confesóirí agus oilithrig; agus i dteannta an méid sin tá ionta nithe áirithe a tháinig le hanál ó ghrástaibh Dé.

2. Bídh á léamh, a chó-shaighdiúirí dílse, agus na daoine is sinsir oraibh, ar a dtugan sibh fó-oifigig nó lucht ionaid, deinidís iad do scrúdú agus do mníniú dhaoibh.

3. Oir, tá bhur dtaoisig mar bheadh daoine go mbeadh lán tighe clainne acu agus nárbh fholáir dóibh féachaint chun na leanbhaí agus chun an tighe agus chun a ngnóthí go léir.

4. Ach táid na fó-oifigig mar bheadh buimí agus cailíní aimsire dosna saighdiúirí óga agus bíd siad ina n-aice do ghnáth chun iad do chosnamh.

5. Tá cogadh na náisiún tosnuithe acu agus, le cúnamh Dé, críochnóid siad fé mhaise é. Amen.